Skip to main content
Normal View

Achomhairc Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 March 2019

Tuesday, 26 March 2019

Questions (994)

Éamon Ó Cuív

Question:

994. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar cinneadh ar athbhreithniú atá iarrtha ag a Roinn ar chinneadh a rinne an Oifig Achomhairc Talmhaíochta maidir le hachomharc a rinne feirmeoir (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe; cén fáth a bhfuil moill fhada ar an athbhreithniú sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13859/19]

View answer

Written answers

Cuireadh in iúl dom go bhfuil athbhreithniú mionsonraithe curtha i gcrích ar an gcás dá dtagraítear anseo agus gur eisigh an Oifig um Achomhairc Talmhaíochta litir d'fhonn toradh an athbhreithnithe a chur in iúl don té atá ainmnithe trí phost cláraithe chuig an achomharcóir an 1 Márta 2019.

Top
Share