Wednesday, 12 June 2019

Questions (59)

Dara Calleary

Question:

59. D'fhiafraigh Deputy Dara Calleary den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sí sásta leis na hullmhúcháin atá déanta don Bhreatimeacht chun go mbeidh cliant chuideachtaí an Údaráis ábalta dul i ngleic leis an mBreatimeacht. [24268/19]

View answer

Written answers (Question to Culture)

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 3 ar an 21 Feabhra 2019 maidir leis an ábhar seo. Mar a thug mé le fios sa bhfreagra sin, ar mhaithe le haon ábhar imní maidir leis an mBreatimeacht a chíoradh leo, tá teagmháil leanúnach ar bun ag Údarás na Gaeltachta lena chuid cliantchomhlachtaí le tacú leo agus le n-iad a spreagadh le hanailís a dhéanamh ar thacaíochtaí margaíochta agus forbairtí straitéiseacha ar a ngnó. Tuigtear dom sa chomhthéacs seo gur eagraigh an tÚdarás seimineáir agus seisiúin eolais dá gcuid féin ar an mBreatimeacht ar mhaithe le cur ar shúile na gcomhlachtaí an tábhacht a bhaineann le bheith ullamh ina leith. Ina theannta sin, tuigtear dom go mbíonn an tÚdarás páirteach in ócáidí faisnéise faoin ábhar a bhíonn á reáchtáil ag gníomhaireachtaí stáit eile lena n-áirítear Fiontar Éireann.

Sa bhreis air sin uile, tá curtha in iúl ag an Údarás go bhfuil siad ag comhoibriú le gníomhaireachtaí Stáit eile i ndáil le cur chuige comhordaithe maidir leis an mBreatimeacht agus go bhfuil siad i mbun an scéim tacaíochta agus comhairleoireachta Bí Réidh a riar dá chuid cliantchomhlachtaí.

In éindí leis an scéim "Bí Réidh" , cuirtear scéimeanna tacaíochta eile ar shúile comhlachtaí maidir le feabhas a chur ar ghnéithe sonracha dá ngnó.

Ar chomhairle na Roinne Fiontraíochta, Gnó agus Nuálaíochta, rinne Údarás na Gaeltachta anailís ar leochaileacht comhlachtaí Gaeltachta do thionchar an Bhreatimeachta ag tús an bliana seo agus chuaigh feidhmeannaigh an Údaráis i dteagmháil in athuair le comhlachtaí a raibh ard-scór acu san anailís sin agus leis na comhlachtaí sin atá ag brath ar an Ríocht Aontaithe mar phríomhmhargadh, ach go háirithe. Mar thoradh ar an anailís seo, léirítear go bhfuil suas le 25 comhlacht ann a bhféadfadh Breatimeacht neamheagraithe tionchar níos suntasaí ná a chéile a imirt orthu. Chun aghaidh a thabhairt air seo, tá straitéis aonarach ábhartha á réiteach agus á cur i bhfeidhm i gcomhair le bainistíocht na gcomhlachtaí sin. Tá comhlachtaí eile aitheanta chomh maith a mbeidh tionchar mór ag an mBreatimeacht orthu i dtaobh easpórtála, conarthaí trádála, athruithe airgeadais, táillí ar tháirgí, rialacha custaim nua srl de.

Tuigtear dom chomh maith go bhfuil an tÚdarás i dteagmháil le Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann agus go bhfuil faisnéis maidir leis na scéimeanna Iasachta atá á riar ag an eagraíocht sin á scaipeadh ar a gcuid cliantchomhlachtaí.

Ní call a rá chomh maith go mbíonn Údarás na Gaeltachta ag obair as lámh a chéile le Fiontraíocht Éireann chun a chinntiú go bhfuil an tacaíocht atá ar fáil maidir le Scéim Iasachta na Breatimeachta ar fáil do chomhlachtaí Gaeltachta.

Sa chomhthéacs sin, is fiú a lua go bhfuil Meamram Comhthuisceana i bhfeidhm le tamall de bhlianta anuas idir Údarás na Gaeltachta agus Fiontraíocht Éireann, rud a chinntíonn go bhfuil fáil ag comhlachtaí Gaeltachta ar scéimeanna éagsúla tacaíochta a chuireann Fiontraíocht Éireann ar fáil ar fud na tíre. De thoradh seo agus, go deimhin, an comhoibriú leanúnach atá idir an dá eagraíocht, táim sásta go mbeidh fáil ag cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta ar na deiseanna agus na hacmhainní céanna atá ar fáil do chomhlachtaí atá faoi scáth Fhiontraíocht Éireann.

Ar bhonn praicticiúil, is fiú dom a chur in iúl don Teach seo gur aontaigh Údarás na Gaeltachta comhaontú ceangal cómhalartach Oifigí Gnó le Cumainn Tráchtála na hAlban ag deireadh 2018 faoina a mbunófar oifigí trádála cómhalartacha chun tacú le comhlachtaí i nGaeltacht na hÉireann agus in Albain agus chun infheistíocht agus deiseanna trádála a éascú. Feidhmeoidh an socrú seo mar acmhainn luachmhar d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá ag iarraidh a bpáirtíocht idirnáisiúnta gnó-go-gnó a leathnú.

Ar deireadh, níl dabht ach gur dúshlán substaintiúil a bheadh i mBreatimeacht neamheagraithe don Ghaeltacht agus don tír ar fad. Sin ráite tá mise mar Aire Stáit don Ghaeltacht sásta leis na hullmhúcháin atá déanta agus á ndéanamh ag Údarás na Gaeltachta don Bhreatimeacht. Go deimhin, táim cinnte go bhfuil gach céim gur féidir á tógáil ag an Údarás chun a chinntiú go bhfuil ar chumas na gcliantchomhlachtaí is leochailí atá acu iad féin a réiteach agus go bhfuil fáil acu ar gach tacaíocht atá ar fáil.