I dtosach báire, ba mhaith liom a mhíniú go mbaineann saincheisteanna maidir le foilsitheoirí leabhar Gaeilge le gnóthaí oibríochtúla Fhoras na Gaeilge agus níl ról sonrach agam féin mar Aire Stáit ina leith.
É sin ráite, tuigim ó Fhoras na Gaeilge, go bhfuil €3,295,303, curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge go díreach d’fhoilsitheoirí na Gaeilge, trí Scéim na Foilsitheoireachta - Chlár na Leabhar Gaeilge, le cúig bliana anuas. Tá €674,574 curtha ar fáil tríd an Scéim chéanna do 2019.
Tuigtear dom go raibh cruinniú foirmiúil ag an eagraíocht le Cois Life nuair a fógraíodh go raibh rún acu éirí as gnó na foilsitheoireachta, agus tugadh le fios nach cúrsaí airgid go príomha ba chúis lena gcinneadh.
Tá trí scéim faoi leith ó thaobh na foilsitheoireachta trína bhfuil tacaíocht maoinithe dá chur ar fáil ag Foras na Gaeilge ina leith:
(1) do Nuachtán ar líne,
(2) d’Iris Ghaeilge chlóite agus
(3) d’Iris stílmhaireachtála ar líne
agus tá athbhreithniú ar siúl acu faoi láthair ar chistíochta na hearnála seo. Tá gach eolas ina leith ar fáil ar https://www.forasnagaeilge.ie/nuacht/comhairliuchan.