Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 September 2019

Thursday, 19 September 2019

Questions (38)

Pat the Cope Gallagher

Question:

38. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an dtabharfaidh sí cuntas ar an dul chun cinn go dáta ar an iarratas chun uasghrádú agus cóiriú a dhéanamh ar ché na Reannaí ar Oileán Árainn Mhór i gContae Dhún na nGall; an dtabharfaidh sí cuntas freisin ar an scála ama leis an obair seo a dhéanamh ar an gcé, a rachaidh go mór chun tairbhe do phobal an oileáin; an bhfuil meastachán déanta ag a Roinn ar na costais a d’fhéadfadh a bheith bainteach leis an togra oibre seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37660/19]

View answer

Written answers

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuair mo Roinn iarratas ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall maidir le forbairt a dhéanamh ar Ché Reannaí, Árainn Mhóir ar 17 Meitheamh 2019. Tá iarrtha agam ar mo chuid feidhmeannaigh breathnú ar an iarratas agus déanfar cinneadh ina leith amach anseo.

Tá sé tábhachtach a athrá go gcaithfear gach iarratas a scrúdú, Cé an Reannaí san áireamh, faoi réir forálacha an Chóid um Chaiteachais Poiblí agus i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil le caitheamh ar thograí oileánda agus na n-éileamh ar an soláthar sin.

Top
Share