Skip to main content
Normal View

Scoileanna Lán-Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 17 December 2019

Tuesday, 17 December 2019

Questions (181)

Catherine Connolly

Question:

181. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Oideachais agus Scileanna an gcinnteoidh sé go mbeidh scoil (sonraí tugtha) ag fáil an deontais caipitíochta níos airde arb é €202 an páiste mar atá leagtha amach i gciorclán 34/2019 [52759/19]

View answer

Written answers

Íoctar ráta caighdeánach an deontais chaipitíochta, is é sin  €179 do gach dalta, le gach bunscoil seachas Gaelscoileanna atá lonnaithe lasmuigh de cheantair Ghaeltachta mar a mbíonn €23.00 sa bhreis ar an ngnáthráta deontais ar fáil do gach dalta.

Tarlaíonn a leithéid chun spreagadh breise a thabhairt do chothú úsáid na Gaeilge i gceantair lasmuigh den Ghaeltacht.

Gheobhaidh an scoil atá luaite ag an teachta an ráta caighdeánach an deontais chaipitiochta, is é sin €179 an dalta.

Top
Share