Féadaim a dhearbhú leis an Teachta Dála gur chuir S.N. Cholmcille isteach iarratas faoi Scéim Oibreacha Samhraidh (SOS) ilbhliantúil mo Roinne ó 2020 i leith ‘Tionscadail Timpeallachta Sheachtracha’.
D'fhéadfadh sé gur eol duit gur fhógair mé le déanaí mionsonraí na scoileanna a gheobhaidh maoiniú i Samhradh 2020 maidir le hiarratais a cuireadh isteach i gcomhair ‘Tionscadail Córais Sábháilteachta Beatha’.
I gcomhréir leis an leibhéal maoinithe a cuireadh i leataobh don Scéim, tá iarratais á meas ar bhonn ó bharr anuas ar aon dul leis na critéir thosaíochta atá leagtha amach sa Chiorclán a ghabhann leis an Scéim. Óna thaobh sin de, breithneofar iarratais a chuirfear isteach ar oibreacha eile faoi bhabhtaí den Scéim Oibreacha Samhraidh amach anseo. Cuirfear S.N. Cholmcille san áireamh maidir leis seo.
De rogha air sin, más dóigh le húdarás na scoile gur tosaíocht iad na hoibreacha, féadann siad an deontas mionoibreacha a fhaigheann gach bunscoil a úsáid chun na hoibreacha a dhéanamh ina n-iomláine nó ar bhonn céimneach de réir acmhainn an deontais.