Aengus Ó Snodaigh
Question:1403. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dáta ar a gcuirfear sonraí ar fáil maidir leis na scéimeanna tacaíochta a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta an 22 Aibreán 2020 chun teacht i gcabhair ar na coláistí samhraidh Gaeltachta agus ar na mná tí a chuireann lóistín ar fáil; an n-aontaíonn sí go bhfuil práinn faoi leith ag baint le cinnteacht a chur ar fáil do na coláistí samhraidh agus do na mná tí nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil todhchaí na gcoláistí céanna i mbaol maidir le samhradh 2021, go háirithe agus na coláistí samhraidh ag aisíoc na n-éarlaisí faoi láthair a fuair siad ó thuismitheoirí le haghaidh na bliana 2020; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5747/20]
View answer