Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 June 2020

Tuesday, 16 June 2020

Questions (1101)

Éamon Ó Cuív

Question:

1101. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici íocaíocht a dhéanamh leis na mná a bhí ag coinneáil mic léinn meánscoile ar na hoileáin i leith na tréimhse idir Mí an Mhárta agus deireadh na scoilbhliana agus suas go dtí an tréimhse sin, mar a dhéanfar leis na mná tí a choinníonn scoláirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11250/20]

View answer

Written answers

Tá na socruithe riaracháin idir lámha faoi láthair ag an Roinn maidir leis an gciste cobhsaithe atá bunaithe ar leas earnáil na gcoláistí Gaeilge - a bhfuil na teaghlaigh Ghaeltachta atá aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge mar chuid lárnach di.

Tá an ghné den scéal a bhaineann leis na teaghlaigh sin a chuireann lóistín ar fáil dóibh siúd a dhéanann freastal ar feadh scoilbhliain iomlán sa ghnáthbhealach ar cheann de na hiar-bhunscoileanna oileánda á breithniú ag mo Roinn faoi láthair.  

Chomh luath is atá cinneadh ina leith déanta, beidh mo Roinn i dteagmháil, mar is cuí, leis na teaghlaigh ábhartha sin agus go deimhin leis na teaghlaigh Ghaeltachta trí chéile mar a bhaineann sé le dáileadh an chiste chobhsaithe.

Top
Share