Skip to main content
Normal View

Oideachas Tríú Leibhéal

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 30 June 2020

Tuesday, 30 June 2020

Questions (168)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

168. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Scileanna cad iad na bearta a dhéanfaidh sí chun a chinntiú go mbeidh caighdeán cuí i labhairt na Gaeilge ag na daltaí ardteiste a rachaidh ar aghaidh chuig na coláistí oiliúna i mí Mheán Fómhair 2020 ós rud é nach raibh aon scrúdú béil ann i mbliana; an dtabharfaidh an tAire aon treoir do na coláistí oiliúna faoin méid sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13070/20]

View answer

Written answers

Caithfidh ardchaighdeán líofachta sa Ghaeilge a bheith ag mic léinn ar dhul isteach i gClár Oideachais Tosaigh do Mhúinteoirí dóibh de bhrí gur riachtanas é chun Gaeilge a mhúineadh a bheith inniúil sa Ghaeilge agus in ann í a úsáid mar ghnáth-theanga chumarsáide sa seomra ranga.

 Dé hAoine, 8 Bealtaine, fógraíodh go raibh scrúduithe na hArdteistiméireachta á gcur siar. Tar éis cinneadh na Comh-Aireachta, bhí sé de rogha ag daltaí gráid ríofa a fháil sna hábhair a bhí á ndéanamh acu agus scrúduithe na hArdteistiméireachta 2020 a dhéanamh níos déanaí nuair a mheasfar go bhfuil sé sábháilte na scrúduithe a reáchtáil. Rinneadh an cinneadh seo tar éis an chomhairle sláinte phoiblí agus eolas eile a mheasúnú agus féachaint ar na himpleachtaí a ghabh leis na scrúduithe a reáchtáil ar an dáta athsceidealta de 29 Iúil 2020.

Is iad gráid ríofa an tslí is fearr le meastóireacht chruinn a fháil ar an marc a gheobhadh dalta i ngach comhpháirt den scrúdú. Meastar gurb iad na múinteoirí is fearr a d’fhéadfadh breithiúnas cothromaithe a thabhairt ar conas mar a d’éireodh le dalta sna scrúduithe agus cén marc is dócha a gheobhadh sí nó sé. Agus gráid mheasta á gcinneadh acu, iarradh ar mhúinteoirí féachaint ar an bhfianaise a bhain le hinniúlacht ó bhéal, inniúlacht éisteachta agus inniúlacht scríofa sna teangacha. Measadh marc agus rangú do gach ábhar Ardteistiméireachta amhail is gur chríochnaigh daltaí gach ceann de chomhpháirteanna ábhartha an chúrsa, go raibh na scrúduithe béil agus praiticiúla déanta, amhail is gur lean an scolaíocht ar aghaidh mar is gnách in 2020, agus go ndearnadh na scrúduithe mar is gnách.

I gcás na dteangacha, thángthas ar an marc agus an rangú measta amhail is go ndearnadh an scrúdú béil agus gur marcáladh é mar is gnách. Ciallaíonn sé sin go mbeidh an grád ríofa chomh gar agus is féidir do thoradh na hArdteistiméireachta traidisiúnta agus inchomparáide le gráid Ardteistiméireachta i mblianta roimhe seo.

Ina theannta sin, bheadh na daltaí tar éis am a chaitheamh sa chúigiú agus sa séú bliain ag ullmhú do na scrúduithe béil suas go dtí dúnadh na scoileanna agus bheidís i mbun staidéir agus ag ullmhú dóibh suas go dtí an tseachtain roimh thosach beartaithe na gcomhpháirteanna seo den scrúdú. Fógraíodh ar an 19 Márta go raibh na scrúduithe béil agus na comhpháirteanna praiticiúla á gcur ar ceal. Bhí na scrúduithe sin le tosú an tseachtain dár gcionn, ar an 23 Márta.

Top
Share