Tá scéimeanna agus cláir éagsúla á maoiniú ag mo Roinn chun tacú le clubanna agus seirbhísí óige sa Ghaeltacht.
In 2019, cheadaigh mo Roinn maoiniú reatha de €1.275m thar thréimhse 3 bliana d’Ealaín na Gaeltachta chun clár gníomhaíochtaí sna healaíona traidisiúnta do dhaoine óga a chur chun cinn sa Gaeltacht. Is ionann seo agus €425,000 sa bhliain (i.e. na scoilbhlianta 19/20, 20/21 & 21/22).
Bhunaigh an Roinn scéim don Chlár TechSpace in 2015 chun a chinntiú go raibh sé d’achmhainn ag na scoileanna agus eagraíochta óige an Clár TechSpace a chur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga ar fud na tíre, an Ghaeltacht san áireamh. Is gréasán náisiúnta de spásanna meáin dhigiteacha é TechSpace atá lonnaithe in ionaid óige agus scoileanna a chabhraíonn le hógánaigh a bheith gníomhach i gcruthú ábhair dhigitigh agus theicneolaíochta.
Chuir mo Roinn maoiniú reachtála de €413,317 ar fáil don Chlár TechSpace in 2019 mar aon le maoiniú caipitil de €5,987 i leith threalamh Mheán Digiteach agus STEM. Tá an clár á chur i bhfeidhm i scoileanna agus ionaid óige sna cheithre chúige. Tá tús curtha le traenáil leis na bunscoileanna agus clubanna óige anois chomh maith agus chuige sin ceadaíodh deontais do dhá chlub óige Gaeltachta in 2019.
Tá cúram na gClubanna Óige sa Ghaeltacht á bhainistiú ag Muintearas Teo faoi scáth Údarás na Gaeltachta. Tá leathnú tagtha ar an réimse oibre a dhéanannn Óige na Gaeltachta le blianta beaga anuas agus stráitéis chuimsitheach óige curtha le chéile ag Muintearas Teo i dtaca le cúrsaí óige Gaeltachta.
Ceadaíodh €630,000 do Mhuintearas Teo in 2019 chun a chlár oibre sna réimsí oiliúna, oideachais, óige agus luathoideachais a riaradh agus a chur chun cinn. Úsáidtear cuid den airgead sin chun íoc as na costais a bhaineann le seirbhísí agus tacaochta a chur ar fáil do na Clubanna Óige, idir oibrithe óige, áisitheoirí agus breis ceardlanna agus imeachtaí sna clubanna. Tá na gníomhaíochtaí agus seirbhísí bunaithe ar an éileamh atá ann ó chlubanna óige ar fud na Gaeltachta.
Tá Bainisteoir Óige agus triúr Oifigeach Forbartha fostaithe ag Muinteasras Teo ag plé leis an réimse óige mar aon le foireann tacaíochta agus traenála mar chuid de struchtúr Mhuintearas Teo.
Cuirtear tacaíocht maoinithe mar urraíocht ar fáil do na clubanna le trí scéim de réir éileamh ó na gclubanna:
1. An Scéim Ceardlainne - luach €300 an club-bhliain,
2. An Scéim Taistil - luach €300 an club-bhliain,
3. Deontas do chlub nua-bhunaithe - luach €200.
Ceadaíodh luach €5,930 mar urraíocht tríd na scéimeann seo in 2019 agus íocadh €3,304, mar atá leagtha amach sa tábla thíos. Tá an fuílleach á íoc in 2020.
Chomh maith leis sin, bhí caiteachas €9,105 ag baint leis na himeachtaí agus tionscadaíl óige a reáchtáladh agus a íocadh thar ceann na gclubanna in 2019.
Fágann sé seo go raibh caiteachas díreach €15,035 san iomlán ag Muintearas Teo ar scéimeanna agus imeachtaí na gClubanna Óige thíos in 2019.
Tabhair faoi deara go bhféadfadh maoiniú eile ón Státchiste a bheith faighte ag cuid de na Clubanna Óige thíosluaite trí scéimeanna de chuid Ranna agus eagrais eile nach mbeadh san áireamh leis na figiúrí ón Roinn seo.
Club Óige
|
Íoctha ag Muintearas Teo faoi Scéimeanna in 2019 €
|
Club Óige Leitir Móir
|
400
|
Club Gharumna - An Trá Bháin
|
200
|
Club Óige Cois na hAbhann - Tulach
|
220
|
Bunchlub na Beanna Beola
|
0
|
Club Óige Bhriocán - Ros Muc
|
0
|
Club Óige Cois Cuan - Ros a' Mhíl
|
0
|
Club Óige An Spidéil
|
0
|
Club Cúram Iar-scoile- B
|
0
|
Club Óige Lurgan
|
140
|
Ionad Óige Iorras Aithneach
|
0
|
Club Óige - Ionad Óige & Eolais - Crib na n-Óg
|
0
|
Club Óige Inis Mór
|
0
|
Club Óige Inis Oírr*
|
0
|
Club Óige Ceathrú Thadhg
|
150
|
Club Óige na Cille Móire/Na hEachléime
|
540
|
Bunchlub Tuar Mhic Éadaigh
|
180
|
Club Rónáin Inis Mór
|
0
|
An Nead - Ráth Cairn
|
350
|
Club Óige an tSuláin
|
0
|
Club Óige Béal Átha Ghaorthaidh
|
0
|
Bun chlub Béal Átha an Ghaorthaidh
|
0
|
Bun Chlub Cúil Aodh & Barr d'Inse
|
0
|
Club Amharclannaíochta Óige - Corca Dhuibhne
|
0
|
Bunchlub an Ghleann
|
0
|
Bunchlub an Dromod
|
0
|
Club Óige na Déise
|
0
|
Club Óige Rann na Feiriste (7-12)
|
224
|
Club Óige Tóraigh
|
0
|
Bunchlub Tóraigh
|
0
|
Banna Ceoil Chloch Cheann Fhaola
|
0
|
Club Óige Páistí Cois Mara
|
300
|
Club Óige Chríost Rí*
|
300
|
Club Spóirt & Spraoi 1
|
300
|
Club Spóirt & Spraoi 2
|
0
|
Ionad Óige Mhachaire Rabhartaigh
|
0
|
Bunchlub Mhíobhaigh
|
0
|
Banna Ceoil An Mhachaire
|
0
|
Bunchlub Mhín an Aoire - Club nua
|
0
|
Bunchlub Chill Chartha - á shocrú
|
0
|
Iomlán íochta ag Muintearas Teo faoi scéimeanna 2019
|
€3,304
|
*Cheadaigh an Roinn €1,370 do Chlub Óige Inis Oírr agus €482 do Chlub Óige Chríost Rí faoin gclár TechSpace in 2019.