Is é Óige na Gaeltachta, atá faoi chúram Mhuintearas Teo., an eagraíocht atá ag feidhmiú chun seirbhísí a fhorbairt agus a chur chun cinn, trí mheán na Gaeilge, do dhaoine óga sa Ghaeltacht. Ar ndóigh, is fochuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta é Muintearas Teo.
Sa chomhthéacs sin, tá Óige na Gaeltachta tiomanta do réimse leathan seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do chlubanna óige, do ghrúpaí pobail agus d’eagraíochtaí deonacha a sholáthraíonn seirbhísí tábhachtacha do dhaoine óga sa Ghaeltacht. Ceann de bhunaidhmeanna Óige na Gaeltachta ná seirbhísí óige pobalbhunaithe, dírithe ar pháistí idir 7 agus 18 mbliana, a fheabhsú, agus úsáid na Gaeilge san heagraíochtaí seo a chur chun cinn is a mhéadú.
Mar chás eisceachtúil, cheadaigh mo Roinn maoiniú aonuaire €11,000 nó 50% den chostas iomlán, ar bhonn píolótach d’Údarás na Gaeltacht le gairid chun a chumasú dóibh beirt oifigeach óige páirtaimseartha a fhostú i nGaoth Dobhair.
Is tríd a cuid scéimeanna caipitil a chuireann mo Roinn tacaíocht airgid ar fáil do chlubanna óige m.sh., chun trealamh áirithe a cheannach. Cé nach bhfuil aon scéim ná ciste ag an Roinn faoina bhféadfaí cúnamh reatha a chur ar fail dá leithead, is féidir a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn ag cabhrú mar is cuí le cúnamh caipitil a chur ar fáil faoina Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga ar leas na Gaeltachta agus an óige ach go háirithe.