Tá plean teanga Chathair na Gaillimhe curtha faoi bhráid mo Roinne ag Foras na Gaeilge le tamall agus á bhreithniú faoi láthair. Tuigim ó mo chuid oifigigh go raibh comhfhreagras idir iad agus Foras na Gaeilge, atá freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an scéal sa chás seo, ina thaobh le deireanaí. Táim ag súil le moladh ó mo chuid oifigigh maidir leis an bPlean go luath.
Ach an Plean a bheith faofa agam faoi réir fhorálacha Acht na Gaeltachta 2012, rachfar i dteagmháil leis an bhForas chun na socruithe ábhartha a dhéanamh le haghaidh an Plean a chur i bhfeidhm.
Meabhráitear don Teachta go bhfuil fógartha ag mo Roinn cheana féin go bhfuil allúntas suas le €80,000 in aghaidh na bliana ar fáil ó mo Roinn do chur i bhfeidhm pleananna teanga i mBailte Seirbhíse Gaeltachta ach i gcás cathracha Chorcaí agus na Gaillimhe, go bhféadfadh allúntas suas le €100,000 in aghaidh na bliana a bheith ar fáil do chur i bhfeidhm bearta a bpleananna.