Cuireann an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (an SBCA), faoi choimirce an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh (an BFS), cúnamh ar fáil do dhaoine, go háirithe iad siúd a bhfuil ioncam íseal acu nó nach bhfuil ach íocaíochtaí leasa shóisialaigh á bhfáil acu mar ioncam, a bhfuil fiachais mhóra acu agus a dteastaíonn cabhair agus comhairle uathu maidir le fadhbanna fiachais. Mar chuid de na seirbhísí a sholáthraítear saor in aisce, cuireann an SBCA cabhair agus comhairle ar fáil freisin dóibh siúd a bhfuil riaráistí morgáiste acu.
Tá SBCA Chonnacht Theas ar cheann d’ocht gcuideachta réigiúnacha a ndéanann an BFS cistiú agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Tá an BFS freagrach as Seirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid a sholáthar do thrí chontae - Gaillimh, Maigh Eo, agus Ros Comáin. Tá SBCA Chonnacht Theas á rialú ag Bord deonach a bhfuil de chuspóir aige a chinntiú go mbíonn soláthar an SBCA agus teacht ar an SBCA comhsheasmhach agus cothrom ar fud an réigiúin iomláin.
Rinne Bord Stiúrthóirí SBCA Chonnacht Theas athbhreithniú ar sholáthar seirbhíse do chliaint, idir chliaint tuaithe agus chliaint uirbeacha, laistigh de na trí chontae. Tugadh faoin athbhreithniú seo, ag féachaint leis an úsáid is éifeachtaí agus is éifeachtúla a bhaint as acmhainní chun tacú le riachtanais na gcliant sa mhórcheantar tíreolaíochta.
Rinne Bord SBCA Chonnacht Theas an cinneadh i Meán Fómhair 2020, i ndiaidh an athbhreithnithe fhairsing seo inar scrúdaíodh staitisticí cliant agus forbairtí daonra sa cheantar tíreolaíochta, chun seirbhís dhaingean agus fhreagrúil for-rochtana, atá dírithe ar fhreastal ar riachtanais chliant, a chur in ionad láithreacht na hoifige buaine sa Cheathrú Rua. Is ar bhonn coinne a oibreofar an tseirbhís for-rochtana, agus cuirfear cabhair agus comhairle ar fáil dóibh siúd ar fud Chonamara a bhfuil fadhbanna fiachais acu, agus cuirfear seirbhís a bheidh bunaithe ar choinní ar fáil sa Cheathrú Rua agus i gceantair áitiúla eile.
Tá SBCA Chonnacht Theas tiomanta i gcónaí do sheirbhís ardchaighdeáin chomhairle airgid a sholáthar do mhuintir na Ceathrún Rua, agus leanfar de mhonatóireacht chúramach a dhéanamh ar an soláthar seirbhíse sa cheantar sin.
Tá súil agam go dtugann seo soiléiriú ar an gceist don Teachta Dála.