Maidir leis an gCaladh Mór in Inis Meáin, beidh an Teachta ar eolas go bhfuil céim a trí liostáilte mar cheann de na ceangaltais i dTograí 2040.
Tuigtear dom go mbíonn cruinnithe sách rialta idir oifigigh na Roinne agus oifigigh an Chomhairle Contae, ag plé na roghanna forbartha éagsúla agus an bealach is fearr chun an fhorbairt a chur chun cinn.
Níos luaithe i mbliana chuir mo Roinn maoiniú ar fáil do Chomhairle Chontae na Gaillimhe, chun ionsamhlú den chéibh a choimisiniú ón gColáiste Náisiúnta Mara na hÉireann - National Maritime College Ireland (NMCI).
Le roinnt míonna anuas, ní raibh rochtain ar an áis NMCI de bharr na srianta ag eascairt as COVID-19. Faoi láthair tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag plé bealaí chun an obair a chur chun cinn, ag cur san áireamh na treorlínnte maidir le sláinte poiblí agus srianta taistil.
Nuair atá a gcuid oibre críochnaithe ag NMCI, agus a gcuid torthaí curtha san áireamh ag Comhairle Contae na Gaillimhe ina ndréacht cás gnó, déanfaidh an Roinn measúnú ar na roghanna chun plean críochnúil don togra a ullmhú, ar aon dul leis an gCód Caiteachais Phoiblí agus an maoiniú atá ar fáil.
Maidir le chéibh Inis Oírr, tá an cás gnó á thabhairt chun críche ag Comhairle Contae na Gaillimh. Nuair atá sé críochnaithe, seolfar ar aghaidh é chun ceadú chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Anuas ar sin, tá an Coiste Maoirseacht, ina bhfuil oifigí ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus na hinnealtóirí chomhairliúcháin, ag cur críoch le amlíne réamh-mheasta maidir leis an togra.