Is tríd Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga mo Roinne
a chuirtear cúnamh caipitil airgid ar fáil do choistí agus eagraíochtaí cáilithe Gaeltachta chun áiseanna pobail, teanga agus caitheamh aimsire a fhorbairt nó a athchóiriú.
Tuigtear dom nach bhfuil aon iarratas faighte ag mo Roinn i leith an togra atá faoi chaibidil sa chás seo. I gcás go bhfaighfí a leithéid, ní call a rá go scrúdófaí an t-iarratas sin faoi réir gnáthchritéir an chláir.
Ní gá dom a rá ach an oiread go mbeidh feidhmeannaigh na Roinne ar fáil chun pé comhairle agus treoir is gá leis a chur ar fáil i gcás go bhfuil iarratas á bheartú.