Tá áit níos feiceálaí á lorg ag TG4 ar ardán Freeview i dTuaisceart Éireann. Tá TG4 ag iarraidh ach go háirithe go mbogfaí an cainéal ón áit atá acu faoi láthair ar chainéal 52 go dtí cainéal 8 ar Freeview.
Bhí TG4 páirteach i gcomhairliúchán poiblí le Digital UK agus rinne iarratas len iad a chur ar chainéal 8 ar Freeview. Thug Digital UK freagra i Meán Fómhair 2020 ina cuireadh in iúl gur ceanglas é faoi Acht Cumarsáide 2003 na Ríochta Aontaithe go mbeadh cainéal ainmnithe ina chainéal seirbhíse poiblí sa Ríocht Aontaithe d'fhonn feiceálacht a fháil i gcomhréir le Cód um Threoir Clár Leictreonach Ofcom.
Cuireadh tuilleadh comhairle orthu chomh maith gurb í an Roinn Cultúir, Meán agus Spóirt (DCMS) a bhí freagrach as a leithéid d'ainmniúchán. Faoi Acht Cumarsáide 2003, is féidir leis an Rúnaí Stáit cainéil a chur le liosta na gcainéal seirbhíse poiblí le hOrdú Reachtúil. Tá sé curtha in iúl ag TG4 go bhfuil sé i gceist acu dul i gcomhairle leis an DCMS chun a leithéid d'ainmniúchán a phlé leo sa Bhliain Nua.
Anuas ar thabhairt chun críche an chomhaontaithe Deich mBliana Nua, Cur Chuige Nua, thug Rialtas na hÉireann gealltanas i ndáil le tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil don chraoltóireacht Ghaeilge i dTuaisceart Éireann ar feadh 3 bliana ón mbliain 2021 In 2021, cuirfidh mo Roinn fhéin €100,000 ar fáil do TG4 agus do RTÉ araon chun craoltóireacht Ghaeilge a chur chun cinn agus €1m do Scáileán Thuaisceart Éireann chun tacú le hábhar Gaeilge a léiriú.