Skip to main content
Normal View

Údaráis Áitiúla

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 December 2020

Tuesday, 8 December 2020

Questions (246)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

246. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an roinnfidh sí an téacs iomlán den aighneacht a chuir a Roinn chuig an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i mí Lúnasa na bliana seo maidir le hathbhreithniú a bhí á dhéanamh ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an tráth sin ar na Treoirlínte d'Údaráis Phleanála, mar atá luaite aici i bhfreagra ar mo cheist pharlaiminteach uimhir 138 ar an 19 Samhain 2020; agus cén fáth nach bhfuil an aighneacht sin foilsithe go fóill. [41685/20]

View answer

Written answers

Mar chuid d'athbhreithniú atá ar siúl ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis na treoirlínte pleanála, thapaigh mo Roinn an deis cáipéis faoin ábhar a chur faoi bhráid na Roinne sin i mí Lúnasa. 

Ós rud é go bhfuil an obair sin ar fad i ndáil leis an athbhreithniú  ar bun i gcónaí ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé cuí an cháipéis thuasluaite a roinnt le haon tríú pháirtí ag an tráth seo.

Question No. 247 answered with Question No. 220.
Question No. 248 answered with Question No. 232.
Top
Share