I propose to take Questions Nos. 226 and 237 together.
Luaitear sa Chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta, agus ar an bpróiseas roghnúcháin/toghacháin i ndáil le Bord an Údaráis.
Faoin socrú reatha agus faoi réir na bhforálacha ábhartha Acht na Gaeltachta 2012, ainmníonn na hÚdaráis Áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu cúigear comhalta faoi seach chuig an mbord. Faoi réir an Achta, agus i gcomhréir le cleachtais choitianta i ndáil le boird stáit, roghnaítear an seachtar comhalta eile tríd comórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.
Tá sé mar sprioc agam go gcuirfear tús le hathbhreithniú faoi réir an ghealltanais sa Chlár Rialtais chomh luath agus is féidir. Chuige sin, tá iarrtha agam ar oifigigh mo Roinne Téarmaí Tagartha don athbhreithniú a thabhairt chun cinn. Tá dul chun cinn maith déanta cheana féin i dtaobh na hoibre seo agus táim ag súil le moltaí ina leith a fháil gan mhoill ionas go mbeifear in ann tús a chur leis an athbhreitniú sa bhliain nua.