Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 December 2020

Tuesday, 15 December 2020

Questions (226, 237)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

226. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an aontaíonn sé leis an méid a deir an tAire Stáit ag a bhfuil freagracht na Gaeltachta, go bhfuil struchtúr Bhord Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú go sásúil; an bhfuil sé fós ag geallúint go dtabharfar toghcháin Údarás na Gaeltachta ar ais agus é ina Thaoiseach anois; agus cén t-am faoina mbeidh an gealltanas sin comhlíonta. [43030/20]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

237. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén staid ina bhfuil an t-athbhreithniú ar struchtúr rialachais Údarás na Gaeltachta a gealladh sa Chlár Rialtais; cathain a bheidh an t-athbhreithniú sin críochnaithe; agus an bhfuil sí ag dul siar ar an ngealltanas a thug duine (sonraí tugtha) go dtabharfar toghcháin Údarás na Gaeltachta ar ais agus é ina Thaoiseach. [43029/20]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 226 and 237 together.

Luaitear sa Chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta, agus ar an bpróiseas roghnúcháin/toghacháin i ndáil le Bord an Údaráis.

Faoin socrú reatha agus faoi réir na bhforálacha ábhartha Acht na Gaeltachta 2012, ainmníonn na hÚdaráis Áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu cúigear comhalta faoi seach chuig an mbord. Faoi réir an Achta, agus i gcomhréir le cleachtais choitianta i ndáil le boird stáit, roghnaítear an seachtar comhalta eile tríd comórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.

Tá sé mar sprioc agam go gcuirfear tús le hathbhreithniú faoi réir an ghealltanais sa Chlár Rialtais chomh luath agus is féidir. Chuige sin, tá iarrtha agam ar oifigigh mo Roinne Téarmaí Tagartha don athbhreithniú a thabhairt chun cinn. Tá dul chun cinn maith déanta cheana féin i dtaobh na hoibre seo agus táim ag súil le moltaí ina leith a fháil gan mhoill ionas go mbeifear in ann tús a chur leis an athbhreitniú sa bhliain nua.

Top
Share