Tógfaidh mé ceist uimhir a 252, uimhir a 253 agus uimhir a 254 le chéile.
Cé gur bunaíodh an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta an samhradh seo caite, ní bheidh feidhmeanna agus soláthar foirne na Roinne nua aistrithe go hiomlán ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta go dtí an chéad lá d'Eanáir 2021.
Réiteoidh mo Roinn Scéim nua Teanga ina dhiaidh sin de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Rialacháin Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Roinn 9), 2008. Cuirfidh an an Scéim achoimre ar fáil de na Seirbhísí Gaeilge a bheidh an Roinn ag soláthar, ag cur san áireamh cumas teanga agus aon athrú a bheidh ag teastáil, chomh maith leis na socruithe chun monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an Scéim.
Den chuid is mó, is institiúidí oideachais neamhspleácha atá freagrach as seirbhísí faoi choimirce na Roinne a chur ar fáil sna hearnálacha éagsúla. Chomh fada is a thuigim, níl aon fhadhb phráinneach sna hearnálacha faoi choimirce mo Roinne maidir le seirbhísí sna ceantair Ghaeltachta. Tuigim go bhfuil obair shuntasach ar bun i go leor dár gcuid institiúidí le heolas agus tuiscint ar theanga agus ar chultúr na Gaeilge a chur chun cinn.
Oibreoidh mo Roinn go dlúth lenár gcompháirtithe agus lenár n-institiúidí le cur le gach a bhfuil ar bun le Gaeilge a chur chun cinn le linn 2021 agus sa todhchaí.