Skip to main content
Normal View

Cruinnithe an Aire

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 January 2021

Thursday, 21 January 2021

Questions (110)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

110. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an féidir cóip de dhialann an Aire Stáit, a bhaineann leis an tréimhse ó ceapadh é mar Phríomh-Aoire agus Aire Stáit an Spóirt agus na Gaeltachta i mí Iúil 2020 go dtí an lá inniú, a chur chugam; agus an gcuirfear dialann an Aire Stáit ar fáil go poiblí ar líne as seo amach. [3330/21]

View answer

Written answers

Ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta gur oifig an phríomh-aoire i Roinn Taoisigh a dhéanann bainistíocht ar dhialann an Aire Stáit maidir le réimse an Spóirt agus na Gaeltachta faoi láthair.

Socróimid go seolfar cóip chuig an Teachta go luath.

Top
Share