Skip to main content
Normal View

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 March 2021

Wednesday, 24 March 2021

Questions (897, 898)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

897. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais cé a rinne an cinneadh chun fáil réidh leis an riachtanas maidir le measúnú síceolaíochta a fháil sula mbronntar díolúine ó fhoghlaim na Gaeilge ar dhalta scoile; cén dáta a rinneadh an cinneadh sin; agus cad é an taighde ar bunaíodh an cinneadh. [15051/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

898. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais cén taighde atá déanta ag a Roinn maidir le díolúintí ó fhoghlaim na Gaeilge a bhronnadh ar dhaltaí scoile; agus an bhféadfaidh sí aon taighde lena mbaineann a fhoilsiú agus a roinnt leis an Teachta seo. [15052/21]

View answer

Written answers

Freagróidh mé PQ 15051 agus 15052 le chéile.

Foilsíodh ciorcláin na Roinne 0052/2019 (bunscoil) agus 0053/2019 (iar-bhunscoil) i mí Lúnasa 2019 le cur chun feidhme i scoileanna ó thús na bliana acadúla 2019/20.

Fuarthas an t-eolas do na ciorcláin ó Thuarascáil Taighde na Cigireachta: Athbhreithniú ar Bheartas agus ar Chleachtas maidir le Díolúintí ó staidéar na Gaeilge atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne www.education.ie/ga/Tuismitheoir%C3%AD/Eolas/D%C3%ADol%C3%BAine-%C3%B3n-nGaeilge/D%C3%ADol%C3%BAine-%C3%B3n-Gaeilge.html.

Bhí faill ar leith ag an gCigireacht an taighde a dhéanamh agus cuirtear ar fáil sa tuarascáil, i measc nithe eile, sonraí agus treochtaí staitistice ar dhíolúintí a cheadú le cois cás-staidéar ar fhorfheidhmiú chiorcláin na tréimhse sin i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna araon.

Lena chois sin, i gCaibidil 8 den Tuarascáil Taighde cuirtear na torthaí i láthair maidir le tuairimí agus eispéiris shíceolaithe ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) i ndáil le díolúintí ó staidéar na Gaeilge. Cuirtear na tuairimí sin i láthair i gcomhthéacs Taighde idirnáisiúnta ábhartha. Mar thoradh ar an taighde a rinneadh laistigh den SNSO thángthas an gconclúid gur cheart go sonrófaí sna ciorcláin amach anseo lena rialaítear díolúine ó staidéar na Gaeilge an gá atá le daltaí/scoláirí faoi Mhíchumas Foghlama Sonrach (MFS) tacaíocht foghlama iomchuí a fháil sa litearthacht ar feadh tréimhse sonraithe sula ndéantar díolúine ón nGaeilge a mheas i gcomhréir leis an bpróiseas um Leanúntas Tacaíochta (LT). Ní chuimsítear sa phróiseas sin ceanglas maidir le tuarascáil Síceolaíochta.

I gCaibidil 9 den Tuarascáil Taighde tugtar breac-chuntas ar roinnt príomhthorthaí ó thaighde agus ó thráchtaireacht go hidirnáisiúnta agus go náisiúnta maidir le díolúintí ó theanga iasachta/ón dara teanga. Is é an tátal, tríd is tríd, nach bhfuil ach beagán taighde ar réimse na ndíolúintí ó fhoghlaim teangacha. Mar sin féin, tugtar roinnt léargas úsáideach ón méid atá ar fáil ar fiú machnamh a dhéanamh orthu i bhfianaise bheartas agus chleachtas sa todhchaí maidir le díolúintí ó staidéar na Gaeilge.

Is ó phróiseas comhairliúcháin phoiblí a soláthraíodh tuilleadh eolais do na ciorcláin inar cuimsíodh dréachtaí de na ciorcláin a bhí beartaithe. Ní fhacthas riamh roimhe líon na bhfreagraí ar an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí óir bhí níos mó ná 11,000 freagra ann lena n-áirítear 22 aighneacht shubstaintiúla ó raon eagraíochtaí. Tá an Tuarascáil ar an gcomhairliúchán poiblí ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne: www.education.ie/ga/Foilseach%C3%A1in/Tuarasc%C3%A1lacha-Oideachais/tuarascail-ar-an-gcomhairliuchan-poibli-ar-dhioluinti-o-bheith-ag-deanamh-staideir-ar-an-ngaeilge-i-scoileanna.pdf.

Tá cóipeanna den 22 aighneacht shubstaintiúla a fuarthas ó eagraíochtaí ar fáil freisin: www.education.ie/en/Parents/Information/Irish-Exemption/submissions-to-public-consultation-irish-exemptions/.

Top
Share