Rose Conway-Walsh
Question:742. D'fhiafraigh Deputy Rose Conway-Walsh den Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta cén fáth nach bhfuil tagairt, sprioc nó beartas ar bith don Ghaeilge i Ráiteas Straitéise nó i bPlean Gníomhaíochta Straitéiseach na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, 2021 - 2023 a foilsíodh le déanaí, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh an gealltanas sa Chlár Rialtais go nglacfaí cur chuige uile-Rialtais i leith chosaint agus chur chun cinn na Gaeilge; agus an bhfuil sé sásta cloí leis an gcur chuige uile-Rialtais sin agus an Ráiteas Straitéise agus an Plean Gníomhaíochta Straitéiseach a leasú le go n-áireofaí an Ghaeilge go cuimsitheach sa Ráiteas agus sa Phlean sin go luath. [16384/21]
View answer