Tá teagmháil rialta idir oifigigh na Roinne agus oifigigh an Chomhairle Contae chun forbairt an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin, a phlé.
I 2020 chuir mo Roinn maoiniú ar fáil do Chomhairle Chontae na Gaillimhe, chun ionsamhlú den chéibh a choimisiniú ón gColáiste Náisiúnta Mara na hÉireann - National Maritime College Ireland (NMCI).
Tuigtear dom nach raibh rochtain ar an áis NMCI ag an Comhairle Contae fós de bharr na srianta ag eascairt as COVID-19. Faoi láthair tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag plé leis an NMCI faoi bhealaí chun an obair a chur chun cinn agus chun deis a thabhairt do ionadaithe ón oileán a bheith páirteach, ag cur san áireamh na treorlínnte maidir le sláinte poiblí agus srianta taistil.
Nuair a bheidh an chuid seo don togra curtha chun gcríoch beidhfear ábalta dul ar aghaidh leis an chéad chuid eile d'fhorbairt na céibhe ar a n-áirítear an dearadh.