Gabhaim buíochas leis an Teachta as a chuid ceisteanna.
Mar Aire Iompair, tá freagracht orm as beartas agus maoiniú foriomlán maidir le hiompar poiblí. Níl baint agam, áfach, le hoibríochtaí iompair phoiblí ó lá go lá.
Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) a bhainistíonn láithreán gréasáin Transport for Ireland (TfI). Dá bhrí sin, is faoin NTA atá na saincheisteanna a ardaíodh, agus chuir mé ceisteanna an Teachta ar aghaidh chuig an NTA le haghaidh freagra díreach. Cuir in iúl do m'oifig phríobháideach mura bhfaigheann tú freagra laistigh de dheich lá oibre.
Tá an Roinn ag obair faoi láthair ar nuashonrú á ról don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus beidh sé ar fáil le breathnú ar ár suíomh gréasáin go gairid. Tá cóip den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ar fáil i nGaeilge anois ar shuíomh gréasáin na Roinne.