I propose to take Questions Nos. 1375 to 1377, inclusive, 1402 and 1403 together.
Tá an Roinn lántiomanta do sheirbhísí a sholáthar i nGaeilge agus le cúpla mí anuas chuaigh beirt oifigeach a bhfuil Gaeilge acu istech sa Rannán Saoránachta, chun roinnt róil a athlíonadh, lean sé seo ar imeacht na sealbhóirí roimhe seo ar scor.
Déantar na foirmeacha iarratais agus na treoirlínte gaolmhara a nuashonrú go rialta chun athruithe reachtaíochta agus beartas a chur san áireamh. Cuid riachtanach den phróiseas seo is ea athbhreithniú ar leagnacha Gaeilge dár bhfoirmeacha iarratais. Is fíor gur tháinig roinnt deacrachtaí formáidithe chun cinn le leaganacha Gaeilge de roinnt doiciméad, go háirithe an Dearbhú Reachtúil, ach tá dearbhú tugtha dom ag m’oifigigh go bhfuil an t-ábhar idir lámha agus go ndéanfar é a nuashonrú ar an suíomh gréasáin i gceann cúpla lá.
Is féidir liom a dhearbhú go ndearnadh teagmháil leis na hiarratasóirí i gceist agus go bhfanann oifigigh i dteagmháil leo maidir le forbairtí. Fuair ??mé dearbhuithe freisin nach gcuirfear aon mhoill ag na hiarratasóirí mar thoradh ar na saincheisteanna a sainaithníodh níos luaithe sa phróiseas iarratais. Is trí Ghaeilge a rinneadh gach cumarsáid leis na hiarratasóirí le déanaí agus is amhlaidh a bheidh amach anseo.
Ní dhiúltóidh mé d’iarratas go deo sa chás go n-úsáidtear an leagan Gaeilge in ionad an leagain Bhéarla ach tá sé fós mar cheanglas sa phróiseas iarratais go n-úsáidtear an leagan is nuashonraithe atá ar fáil den fhoirm. Sa chás go n-úsáideann iarratasóirí foirm atá as dáta, cuirfidh oifigigh sin in iúl dóibh agus díreofar iad chuig an leagan is déanaí.
Tá níos lú ná 5 iarratas ar shaoránacht curtha isteach i nGaeilge.