Skip to main content
Normal View

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 April 2021

Wednesday, 21 April 2021

Questions (628)

Éamon Ó Cuív

Question:

628. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad é an tsuim airgid iomlán a cheadaigh a Roinn d’Fhoras na Gaeilge in 2020; cén méid den airgead sin a caitheadh in 2020; murar caitheadh ar fad é, cén méid nár caitheadh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [18881/21]

View answer

Written answers

Íocann mo Roinn 75% de bhuiséad bhunlíne na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas d’Fhoras na Gaeilge. In 2020, b'ionann sin agus €11,087,184.

Cuirfear sonraí maidir le caiteachais an Fhorais ar fáil i Cuntais Leithreasa 2020 mo Roinne a fhoilseofar níos déanaí i mbliana ar shuíomh an Ard-Reachtaire um Chuntas agus Chiste ag

https://www.audit.gov.ie/en/Find-Report/Publications/Appropriation%20Accounts/.

Top
Share