Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 484 go 489 le chéile.
Cuireadh an leagan Gaeilge nua den Fhoirm Iarratais ar Eadóirseacht mar Shaoránach Éireannach ar fáil ar roinn na bhFoirmeacha Iarratais ar Eadóirseacht dár suíomh gréasáin ar an 23 Aibreán 2021, agus tá teacht air ag: https://www.irishimmigration.ie/citizenship/naturalisation-application-forms/ (ag Foirm 8).
Is doiciméad mós dlíthiúil atá san aistriúchán sin ar an bhfoirm 36-leathanach sin, ina bhfuil 3 dhearbhú reachtúla éagsúla, foralálacha a bhaineann le cosaint sonraí (i.e., an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) agus miontreoracha maidir leis an bhfoirm féin a chomhlánú. Is fasach tábhachtach atá ann d’aistriú na bhfoirmeacha iarratais uile ar shaoránacht Éireann, agus tá gealltanas tugtha ag mo Roinnse, i gcumarsáidí i scríbhinn le hOifig an Choimisinéara Teanga, leagan Gaeilge de gach foirm iarratais ar shaoránacht a chur ar fáil faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair.
Tá obair ag dul ar aghaidh de réir an spriocdháta sin. Tá an leagan Gaeilge nua d’Fhoirm 8 curtha ar fáil agus tá Foirm 9 (Foirm Iarratais ar Dheimhniú Eadóirseachta thar ceann Linbh Mhionaoise) á haistriú faoi láthair.
An tseachtain seo caite, bhí mé féin agus an tAire Nic an tSaoi i gceannas ar cheiliúradh fíorúil fíorspeisialta chun fáilte chroíúil a chur roimh os cionn 1,700 duine a fuair a saoránacht Éireann ó cuireadh tús le próiseas nua sealadach ar an 18 Eanáir. Ceiliúradh ar chultúr agus ar fhéiniúlacht na hÉireann, chomh maith le cultúr agus traidisiúin thíortha dúchais na saoránach is déanaí atá againn, a bhí san imeacht.
Tá sé tábhachtach a rá nár cuireadh aon saoránaigh nua faoi mhionn le linn na hócáide. Bhí gach duine a bhí i láthair ina lánsaoránaigh Éireannacha, tar éis dóibh a ndearbhú tairiseachta agus dílseachta don Stát a dhéanamh trí phróiseas an dearbhaithe reachtúil shínithe. Rinne an Breitheamh Uasal Brian Mac Mathúna focail an dearbhaithe a aithris leis na saoránaigh nua ag an ócáid díreach mar bheart siombalach saorálach.
Oifigeach as an Roinn a bhí ina óstach don ócáid. Chuir sé fáilte as Gaeilge roimh na saoránaigh nua, agus rinne sé roinnt tagairtí do chultúr agus ceol na hÉireann i gcaitheamh an tráthnóna. Rinne an Breitheamh Uasal Mac Mathúna agus mé féin araon comhghairdeas as Gaeilge leis na daoine a bhí i láthair agus, le linn dó fáilte a chur roimh na saoránaigh nua, ghríosaigh an Breitheamh Uasal Mac Mathúna iad lenár litríocht a léamh, le héisteacht lenár gceol, agus lenár dtraidisiúin a ghlacadh chucu féin.
Cuireadh tús leis an ócáid le físeán gairid inar cuireadh áilleacht na hÉireann os comhair na ndaoine le tionlacan ceoil arna sholáthar ag Wilderness Ireland. Mar is gnách dár searmanais agus na daoine féin i láthair go pearsanta, rinne Banna Ceoil an Gharda Síochána ceol a sholáthar, chomh maith. Ar na hoirfidigh eile bhí an t-amhránaí aithnidiúil Camille O’Sullivan, ar saoránach Éireannach nua í, mar aon le Nava, grúpa de cheoltóirí Éireannacha agus Peirseacha, lena n-áirítear duine dár saoránaigh Éireannacha nua. Cuireann siad síos orthu féin mar ghrúpa de cheoltóirí óga a bhfuil iniúchadh á dhéanamh acu ar an gcaidreamh atá idir cultúir ársa cheoil na hÉireann agus na Peirse.
Rinneadh an t-imeacht a bheoshruthú ar chainéil meán sóisialta mo Roinne – YouTube, Facebook agus Twitter.
Tá searmanais saoránachta ina mbeidh na daoine féin i láthair go pearsanta sceidealaithe go sealadach le hatosú i mí na Nollag, 2021, ag brath ar shábháilteacht gach duine a bheidh páirteach a bheith deimhnithe.