Skip to main content
Normal View

Maoiniú d’Fhoras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 May 2021

Tuesday, 11 May 2021

Questions (276)

Éamon Ó Cuív

Question:

276. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad airgead a cuireadh ar fáil sna meastacháin do 2016, 2017, 2018, 2019 agus 2020 d’Fhoras na Gaeilge (sonraí tugtha); agus cé mhéad airgead a chaith an Foras i ngach bliain acu sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23767/21]

View answer

Written answers

Níl ar chumas na Roinne an fhaisnéis atá iarrtha ag an Teachta a chur ar fáil dó taobh istigh den amscála atá leagtha síos. Cuirfear ar fáil don Teachta í in am trátha faoi réir fhorálacha Bhuanordaithe na Dála.

The following deferred reply was received under Standing Order 51

Tá Foras na Gaeilge ar cheann de áisíneachtaí an Fhoras Teanga Thuaidh Theas. Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn na buiséid do na Forais Trasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh.

Íocann mo Roinn 75% den ollbhuiséad d’Fhoras na Gaeilge atá ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas.

De thairbhe nárbh fhéidir cruinnithe CATT a eagrú idir 2016 agus 2020, agus dá bharr sin, nárbh fhéidir buiséid i leith 2017,2018,2019,2020 a cheadú go hoifigiúil, bhí aontaithe ag na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse go bhfeidhmeodh na Forais Trasteorann uile de réir na buiséid a cheadaigh an CATT ina leith don bhliain 2016. Ar an mbonn sin, ba é buiséad aontaithe 2016, €11,087,184 (75% den ollbhuiséad ceadaithe ag CATT) an buiséad a cheadaigh mo Roinn d'Fhoras na Gaeilge do na blianta 2016 trí go 2020.

Déanann Foras na Gaeilge imfhálú ar €250,000 (75% nó €187,000 as sciar RTCEGSM agus 25% ón Roinn Pobal) i mbuiséad an Fhorais le cnapshuimeanna pinsin a íoc. Fágann seo, €10,899,683 mar chaiteachas reatha do na blianta 2016-2020, as €11,087,184, de sciar bhuiséad mo Roinne de CATT. Ag braith ar íocaíochtaí chnapshuimeanna pinsin, d’fhéadfadh an socrú seo fuílleach a fhágáil i mbuiséad an Fhorais ag deireadh na bliana.

De thoradh sábháil sa soláthar meastachán i mbuiséad an Fhorais Teanga in 2016, cheadaigh mo Roinn maoiniú breise aon uaire de €260,681, €109,916 le farasbarr cnapshuim a íoc agus caiteachas údaraithe aon uaire eile.

In 2020 bhí tearc chaiteachas de €122,152, i mbuiséad reatha an Fhorais, de thairbhe tionchar na Paindéime COVID-19.

Léiríonn an tábla thíos an meastachán a cuireadh ar fáil do mo Roinn, an buiséad a ceadaíodh d’ Fhoras na Gaeilge agus caiteachas Fhoras na Gaeilge do na blianta 2016-2020.

Bliain

Meastachán

Foras Teanga RTCEGSM

Buiséad CATT d’ Fhoras na Gaeilge

(Sciar RTCEGSM)

Iomlán caiteachas Fhoras na Gaeilge

[reatha +cnapshuim]

2016

13,201,000

11,345,929*

11,345,929

2017

13,989,000

11,087,184

11,038,438

2018

14,028,000

11,087,184

10,911,534

2019

13,323,000

11,087,184

10,983,239

2020

13,383,000

11,087,184

10,804,258

*€11,087,184 + €260,681 – Sciar aon uaire breise in 2016

Top
Share