Skip to main content
Normal View

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 May 2021

Thursday, 13 May 2021

Questions (123)

Éamon Ó Cuív

Question:

123. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén dearcadh atá aici faoin moladh go mbeidh dhá chúrsa Gaeilge ann don Ard-Teist, T1 agus T2, agus go mbeidh T1 níos iomláine agus níos dúshlánaí ná T2 ach nach mbeidh aon mharcanna bónais as T1 a dhéanamh ná aon bhuntáiste; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24964/21]

View answer

Written answers

Tá mo Roinn tiomanta d’fheabhas a chur ar thaithí agus torthaí foghlama scoláirí sa Ghaeilge ag ach leibhéal san earnáil scoile. Rinneadh forbairtí suntasacha sa soláthar curaclaim don Ghaeilge le blianta beaga anuas lena n-áirítear Curaclam Teanga na Bunscoile (2019) agus sonraíochtaí T1 agus T2 do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí in 2017 tar éis comhairliúcháin fhairsing leis na páirtithe leasmhara. Tógann an dréachtú ar shonraíochtaí curaclaim difreáilte do Ghaeilge na hArdteistiméireachta bhunaithe ar an tsamhail soláthair seo. Tá dréachtshonraíochtaí foilsithe ag CNCM le haghaidh comhairliúcháin phoiblí agus tá sé tábhachtach go mbeidh na páirtithe leasmhara uile rannpháirteach sa phróiseas agus go ndéanfar a ndearcthaí agus dtaithí a thaifeadadh.

Mar atá leagtha amach sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, tá raon beartas á chur san áireamh ag oifigigh na Roinne le rannpháirtíocht i sonraíocht T1 a spreagadh i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna lán-Ghaeilge. San áireamh anseo tá scéim sparánachta tríú leibhéal agus 10% d’áiteanna a chur in áirithe i ngach clár oideachas tosaigh múinteoirí (OTM) do scoláirí a n-éiríonn leo tairseach gráid shonraithe a bhaint amach nó a n-éiríonn leo grád níos airde ná an tairseach gráid shonraithe a bhaint amach i sonraíocht curaclaim T1. É sin ráite, ní mór a mheabhrú gur dréachtdoiciméid iad na doiciméid sonraíochta atá foilsithe faoi láthair le haghaidh comhairliúcháin agus dá bhrí sin go bhféadfadh go ndéanfaí iad a leasú i bhfianaise thorthaí an phróisis chomhairliúcháin. Nuair a bheidh an comhairliúchán críochnaithe, tosóidh CNCM ag déanamh anailíse ar an aiseolas a taifeadadh agus úsáidfear é seo mar bhonn eolais d’aon athbhreithniú ar na dréachtdoiciméid sonraíochta agus d’aon chomhairle ón CNCM a chuirfear faoi mo bhráid lena breithniú.

Top
Share