Dhearbhaigh mé ar an 17 Feabhra go rachadh Scrúduithe na hArdteistiméireachta ar aghaidh in 2021, faoi réir na comhairle sláinte poiblí, agus go mbeidh de rogha ag scoláirí freisin iarraidh ar ghráid a fháil a bheidh creidiúnaithe ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS), ar a dtabharfar Gráid atá Creidiúnaithe ag CSS. Rinne an Rialtas an cinneadh seo ar mhaithe le rogha a sholáthar agus soiléireacht a thabhairt do scoláirí.
Tá scoláirí cláraithe faoin am seo ar an Tairseach Féinseirbhíse Iarrthóra chun na gnáth-scrúduithe a dhéanamh agus/nó Gráid a fháil a bheidh creidiúnaithe ag an CSS ar bhonn ábhair ar ábhar.
I gcás, in ábhar ar bith, go roghnaíonn an scoláire Grád Creidiúnaithe a fháil agus an scrúdú a dhéanamh, gheobhaidh sé/sí creidiúint don toradh is fearr den dá thoradh go huathoibríoch. Gheobhaidh iarrthóirí torthaí comhcheangailte a nGrád Creidiúnaithe agus a scrúduithe Ardteistiméireachta ag an am céanna. Léireofar i gcomhad thorthaí na scoláirí a sheolfar ar aghaidh chuig an Lár-Oifig Iontrála (CAO) an toradh is fearr den dá thoradh i gcás gach ábhar.