I propose to take Questions Nos. 468, 469, 472, 473, 485, 486, 487, 488, 489, 490, 491, 493, 494 and 495 together.
Is é an t-allúntas iomlán atá ag mo Roinn do 2021 ná €1,081,818,000. Tá sonraí na n-allúntas uilig leagtha amach faoi na réimsí clár agus faoi fho-mhíreanna san Imleabhar de Mheastacháin Athbhreithnithe 2021 (REV2021) foilsithe ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar a suíomh idirlín ag:
www.gov.ie/en/collection/e20037-revised-estimates
Aithníonn REV2021 an tionchar leanúnach atá ag an Phaindéim Covid-19 ar na hearnálacha faoi choimirce mo Roinne chomh maith le tionchar BREXIT – léiríonn said fosta na gealltanais atá san áireamh i gClár an Rialtais – Ár dTodhchaí Roinnte . Mar sin féin, níl aon rangú ar leith déanta ar allúntais maoinithe laistigh de réimsí clár seachas faoi fho-mhíreanna.
Tá aisfhreagra an Rialtais ar thionchar na paindéime ar an earnáil agus ar an gheilleagar go ginearálta comhdhéanta de réimse leathan tacaíochtaí curtha i bhfeidhm thar éagsúlacht Ranna. Sa bhreis ar bhearta idirghabhála díreacha a thug mo Roinn isteach, chinntigh an Rialtas go raibh tacaíochtaí cothrománacha ar fáil atá an-tábhachtach d’inmharthanacht a lán inár n-earnálacha. Ina measc siúd tá an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéimeach (PUP), an Scéim Fóirdheontais Pá (EWSS), an Scéim Tacaíochta um Shrianta Covid (CRSS) agus an Scéim Tacaíochta Gnónna Beaga maidir le Covid (SBASC) agus tá siad seo uilig ina dtacaíochtaí leanúnacha do gach earnáil le linn na géarchéime seo.
Foilsíonn an Roinn Airgeadais sonraí caiteachais mo Roinne agus gach Roinn Stáit go míosúil ar:
www.gov.ie/en/publication/b9bc4-fiscal-monitor-may-2021/
Is é an caiteachas iomlán a bhí ag mo Roinn go dtí 31 Bealtaine 2021 ná €273.68m. Is figiúr sealadach é seo mar go bhfuil an caiteachas uilig laistigh de Vóta mo Roinne faoi réir dheimhniú inmheánach leanúnach agus próiseas monatóireachta chun an úsáid is fearr d’acmhainní airgeadais a chinntiú. B’fhéidir go ndéanfaí coigeartaithe idir fo-mhíreanna mar chuid den phróiseas sin agus tá na figiúir uilig faoi réir iniúchadh de chuid Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
Cé go bhfuil sé ró-luath tuar beacht a thabhairt faoin chaiteachas deireadh bliana, thig liom a mheabhrú nach meastar faoi láthair go mbeidh aon choigilteas suntasach ann. Leanfar le monatóireacht chúramach a dhéanamh ar an chaiteachas uilig laistigh de Vóta mo Roinne idir seo agus deireadh na bliana chun an úsáid is éifeachtaí d’acmhainní airgeadais a chinntiú.