Skip to main content
Normal View

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 June 2021

Tuesday, 22 June 2021

Questions (117)

Éamon Ó Cuív

Question:

117. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén uair a bheidh leasaithe do Chéim na Tuarascála de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 réidh le foilsiú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [33188/21]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, rinneadh plé cuimsitheach agus fiúntach maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 nuair a tógadh é ag Céim an Choiste sa Dáil san earrach.  Gheall mé le linn na díospóireachta sin go ndéanfainn roinnt mhaith de na leasaithe a mhol an freasúra a mheas sa chaoi is go mbeinn in ann mo chuid moltaí fhéin ina leith a thabhairt chun cinn ag Céim na Tuarascála. 

Tá an obair sin fós ar bun ag oifigigh mo Roinne i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne agus an dréachtóir pharlaiminte.  Foilseofar na leasaithe a bhfuil i gceist agam a thabhairt chun cinn ag Céim na Tuarascála a luaithe is a bheidh críoch curtha leis an obair sin.

Dár ndóigh, beidh na leasuithe a bheidh á moladh agam le faomhadh ag an Rialtas roimh Céim na Tuarascála den Bhille chomh maith.

Top
Share