Skip to main content
Normal View

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 1 July 2021

Thursday, 1 July 2021

Questions (27)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

27. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais cad iad na céimeanna a ghlacfaidh sí chun a chinntiú go mbeidh go leor múinteoirí nua-cháilithe ann a mbeidh Gaeilge den chaighdeán is gá acu chun gur féidir leo freastal ar riachtanais bhunscoileanna an Stáit. [35286/21]

View answer

Written answers

Tá mo Roinn tiomanta le fada an lá do cháilíocht an teagaisc agus na foghlama inár scoileanna, go háirithe maidir leis an nGaeilge. Is cuid dhílis den churaclam bunscoile í an Ghaeilge agus éilítear ar mhúinteoirí a bheith ábalta aghaidh a thabhairt ar an ngné seo den churaclam, gné atá bunaithe ar chur chuige cumarsáide agus a leagann béim ar leith ar scileanna éisteachta agus labhartha na leanaí a fhorbairt.

Mar rialtóir do ghairm na múinteoireachta tá an Chomhairle Mhúinteoireachta freagrach as caighdeáin do chláir um Oideachas Tosaigh do Mhúinteoirí (OTM) a athbhreithniú agus a leagan síos agus as Múinteoirí Nua-cháilithe a chlárú. Oibríonn oifigigh i mo Roinn agus sa Chomhairle Teagaisc as láimh a chéile agus iad tacú leis an gcuspóir seo.

Rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta athbhreithniú ar na caighdeáin OTM agus go déanach i 2020 d’fhoilsigh sí caighdeáin nuashonraithe i gCéim: Caighdeáin d’Oideachas Tosaigh do Mhúinteoirí. Tá roinnt athruithe suntasacha eile sna caighdeáin athbhreithnithe seo chun na caighdeáin sa Ghaeilge a threisiú i gcláir OTM.

Ag an mbunleibhéal, deir Céim mar phrionsabal lárnach go gcaithfidh cláir OTM aghaidh a thabhairt ar mhuinín agus ábaltacht na n-ábhar múinteora sa Ghaeilge, an Ghaeilge labhartha san áireamh. De bhreis air seo socraíonn Céim caighdeáin fheabhsaithe don Tréimhse Foghlama Gaeltachta do OTM Bunscoile agus spreagann sé bearta nuálacha mar shocrúchán i scoileanna lán-Ghaeilge.

Ba mhaith liom aird a dhíriú ar chuid de na tionscnaimh agus na forbairtí beartais eile a tharla nó atá ar bun le blianta beaga anuas chun a chinntiú go bhfuil cumas maith Gaeilge ag múinteoirí bunscoile.

- Mar thoradh ar na moltaí sa Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta agus comhairle a thug an Chomhairle Mhúinteoireachta, d’ardaigh mo Roinn na Riachtanais Iontrála Íosta sa Ghaeilge le haghaidh cláir OTM mar Bhaitsiléir Oideachais bhunscoile agus mar Mháistir Ghairmiúil san Oideachas.

- Cuireadh le fad na gclár OTM go léir. Leanann na cláir fochéime ar aghaidh ar feadh ceithre bliana ar a laghad anois agus leanann na cláir iarchéime ar aghaidh ar feadh dhá bhliain. Tugann sé seo níos mó ama d’ábhair mhúinteora ar shocrúchán scoile agus ar Shocrúchán Gaeltachta freisin, agus na riachtanais ag an mbunleibhéal á leathnú ó thréimhse trí seachtaine go tréimhse ceithre seachtaine sa Ghaeltacht.

- I 2021, rinne mo Roinn soláthar chun an deontas don Socrúchán Gaeltachta a thabhairt ar ais do gach mac léinn OTM bunoideachais in institiúidí ardoideachais atá á maoiniú ag an stát. Áiríodh san soláthar seo freisin €2m breise de mhaoiniú deontais Gaeltachta i 2021 mar chabhair i leith costas socrúchán a cuireadh siar ó 2020 mar thoradh ar shrianta Covid-19.

- Féadfar suas le 10% d’áiteanna ar an gclár Baitsiléir Oideachais bunscoile gnáthshrutha sna ceithre Institiúid Ardoideachais bunscoile atá á maoiniú ag an stát a chur in áirithe d’iarrthóirí a chónaíonn sa Ghaeltacht oifigiúil agus a labhraíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga sa bhaile.

- Tá roinnt bearta faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta á gcur i bhfeidhm chun soláthar agus cumas Gaeilge múinteoirí Bunscoile agus Iar-Bhunscoile ar féidir leo múineadh trí mheán na Gaeilge a mhéadú, ag leibhéil fochéime agus iarchéime ar aon. Ag an mbunleibhéal, áirítear orthu seo:

- Baitsiléir Oideachais nua ceithre bliana trí mheán na Gaeilge do mhúinteoirí bunscoile, a bhfuil critéir bhreise iontrála agus imeachta maidir leis an nGaeilge aige, agus a thosaigh in Institiúid Oideachais Marino. Faoi láthair tá breis is 70 mac léinn (cohóirt dhá bhliana) ag staidéar ar an gcéad chlár Baitsiléir Oideachais bunscoile trí mheán na Gaeilge a bhí riamh ann

- Máistreacht san Oideachas nua lán-Gaeilge dhá bhliana trí fhoghlaim chumaisc agus Oideachas Gaeltachta a bhfuil critéir iontrála agus imeachta Gaeilge breise ag gabháil léi freisin, do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile agus do phríomhoidí. Cuireadh tús leis an gclár seo i gColáiste Mhuire gan Smál in 2018.

- Tá roinnt tacaíochtaí maoinithe eile á dtairiscint d’oideachas trí mheán na Gaeilge tríd an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta, lena n-áirítear sparánachtaí a chuireann COGG ar fáil.

Top
Share