Skip to main content
Normal View

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 7 July 2021

Wednesday, 7 July 2021

Questions (105)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

105. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta an bhfuil plé déanta aige riamh leis an Údaráis um Ard-Oideachas mar gheall ar an dualgas atá acu faoi alt 4 den Acht Údarás um Ard-Oideachais, 1971, i leith athchóiriú na Gaeilge mar theanga náisiúnta; an bhfuil sé den tuairim go bhfuil an dualgas sin á chomhlíonadh acu; agus an bhfuil polasaí aige chun an dualgas sin a threisiú agus a chinntiú. [36779/21]

View answer

Written answers

Tá tiomantas an ÚAO chun tacú leis an nGaeilge mar atá cumhdaithe in Acht an ÚAO 1971:

“Ag comhlíonadh a fheidhmeanna don Údarás coimeádfaidh sé i gcuimhne i gcónaí na haidhmeanna náisiúnta atá ann an Ghaeilge a aisiriú agus an tsaíocht náisiúnta a chaomhnú agus a fhorbairt agus féachfaidh sé le cabhrú leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích.”

Agus a oibleagáidí faoin bhforáil sin á gcomhlíonadh aige, tá ról lárnach ag an ÚAO i dtacú leis an nGaeilge a úsáid agus i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge in institiúidí ardoideachais. Le breis agus deich mbliana, tá foráil speisialta curtha san áireamh ag an ÚAO ina chroídheontas do thionscnaimh atá dírithe ar thacú le húsáid níos mó a bhaint as an nGaeilge i measc mic léinn agus baill foirne ollscoileanna agus coláistí níos lú. Áirítear leis sin tacú le teagasc (lena n-áirítear tacaíocht teanga agus forbairt ábhair teagaisc i nGaeilge), tacú le mic léinn (maidir le meantóireacht teanga, scoláireachtaí, ranganna Gaeilge), agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ar champas institiúidí. Thacaigh sé freisin le múineadh ábhar agus modúl i nGaeilge d’fhonn tacú leis an Máistreacht an Oideachais san Oideachas trí mheán na Gaeilge agus san Oideachas Gaeltachta do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile agus do phríomhoidí ar cuireadh tús leis i gColáiste Mhuire gan Smál i Meán Fómhair 2018.

Ina theannta sin, soláthraíonn ÚAO maoiniú ar leith atá curtha in áirithe do thionscnaimh speisialta agus d’fhorálacha chun tacú leis an nGaeilge, lena n-áirítear Acadamh na hOllscólaíochta Gaeilge atá lonnaithe in OÉ, Gaillimh. Cuireann an tAcadamh roinnt cláir fochéime agus iarchéime ar fáil a sheachadtar trí mheán na Gaeilge in OÉ, Gaillimh, in ionaid Ghaeltachta agus in ionaid for-rochtana eile. Tá an tAcadamh cómhaoinithe ag an ÚAO agus ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Cheadaigh ÚAO leithdháileadh ar leith de €1,766,000 atá curtha in áirithe do OÉ Gaillimh don Acadamh le roinnt blianta anuas. Ina theannta sin, in 2018 gheall an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán anois) €900,000 a sholáthar in aghaidh na bliana acadúla 2018/19, 2019/20 agus 2020 / 21 d'Acadamh na hOllscólaíochta.

Tá réimse leathan cúrsaí ar fáil i nGaeilge in institiúidí ardoideachais. Ó 2015 i leith, tá níos mó ná 7,000 mac léinn cláraithe ar chúrsaí a bhfuil gnéithe suntasacha Gaeilge iontu. Tá méadú 24% tagtha ar líon na mac léinn atá cláraithe ó 2015 i leith agus in 2019/2020 bhí 72 cúrsa ar fáil agus 1,565 mac léinn cláraithe ar chúrsaí a bhain leis an nGaeilge.

Táim sásta mar sin, go bhfuil an tÚdarás um Ard-Oideachas ag comhlíonadh a oibleagáidí maidir le hathnuachan na Gaeilge. Tá mo Roinn tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge, agus leanfaidh sí de bheith ag obair chun a chinntiú go ndéantar an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chothú ar fud an stáit.

Top
Share