Skip to main content
Normal View

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 July 2021

Tuesday, 13 July 2021

Questions (316)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

316. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén dáta a thug a Roinn comhairle do choláistí samhraidh gan éarlaisí a ghlacadh don bhliain 2021; cén fáth gur thug sí comhairle gan éarlaisí a ghlacadh in ainneoin go raibh a Roinn den tuairim go reáchtálfaí na coláistí i mbliana suas go dtí an 7 Bealtaine 2021; an raibh a Roinn ag iarraidh go bhfanfadh coláistí go dtí an samhradh chun éarlaisí a ghlacadh don samhradh sin; ar thug a Roinn aon treoir faoi conas déileáil leis na héarlaisí a glacadh sular thug sí an chomhairle gan iad a ghlacadh; agus an bhfuil comhairle ag a Roinn do choláistí samhraidh faoi éarlaisí a ghlacadh don bhliain 2022. [37981/21]

View answer

Written answers

Tuigtear dom go dtosaíonn coláistí Gaeilge ag glacadh le héarlaisí ón bhfómhar ar aghaidh don samhradh dár gcionn. Mar is eol don Teachta, nuair a cuireadh cúrsaí samhraidh 2020 ar ceal de thoradh COVID-19 i mí Aibreáin 2020,  bhí cuid mhaith éarlaisí agus táillí glactha faoin tráth sin ag coláistí mar is iondúil.

Ar ndóigh nuair a bhíothas ag glacadh le héarlaisí i leith samhradh 2020, níor thuig  éinne cad a bheadh romhainn ar fad de thoradh na paindéime.

Ag cur san áireamh é sin uile, dearadh an ciste cobsaithe a cuireadh le chéile ar leas na hearnála go gairid ina dhiaidh sin in 2020 ar bhealach a d'aithin gur tháinig rudaí aniar aduaidh ar choláistí agus ba é príomhaidhm an cur chuige, dá réir, ciste a chur i dtoll a chéile a chuirfeadh ar chumas na gcoláistí aisíoc a dhéanamh ar na héarlaisí a bhí glactha acu roimh Aibreán 2020.

Cuireadh ciste a raibh ráchairt  air agus rath leis le chéile dá réir do 2020 faoinar cuireadh fóirithint ar fáil do choláistí agus tithe lóistín araon. 

Ag cruinniú ar 20 Samhain 2020, mheabhraigh an Roinn do CONCOS - scáthghrúpa na gcoláistí samhraidh - nárbh ionann an scéal a bhainfeadh le 2021 ó thaobh pé fóirithint a d'fhéadfadh a bheith ar fáil ón Roinn don earnáil agus gurbh fhearr do choláistí gan a bheith ag déanamh talamh slán de go mbeadh pé  ciste cobhsaithe eile - dá mba ann dó do 2021 - ar aon dul leis an gciste 2020 réamhluaite.

Cuireadh fainic ar choláistí gur ar a bpriacal féin a bheadh sé dá mbeidís chun glacadh le héarlaisí, ar an tnúthán go bhféadfaí teacht i gcabhair ar choláistí ar an gcaoi céanna arís in 2021. 

Ar an mbunús sin, mhol an Roinn  i scríbhinn do gach coláiste samhraidh  gan glacadh le héarlaisí do chúrsaí na bliana 2021. Sa nóta a seoladh chuig lucht stiúrtha na gcoláistí ar fad ar 13 Eanáir 2021, dheimhnigh an Roinn go rabhthas ag súil leis go mbeadh cúrsaí in ann dul ar aghaidh go sábháilte i samhradh 2021 ach moladh go láidir dóibh mar atá luaite cheana, gan glacadh le héarlaisí do chúrsaí 2021 ó tharla nach bhféadfaí a bheith cinnte ag an bpointe sin an mbeadh nó nach mbeadh na cúrsaí in ann dul ar aghaidh de dheasca COVID-19. Moladh dóibh chomh maith leas a bhaint as scéimeanna agus tacaíochtaí ábhartha de chuid an Rialtais a bhí bunaithe faoin tráth sin le dul i ngleic le tionchar geilleagrach na paindéime.

Mar is eol don Teachta, rinneadh cinneadh i mí Bealtaine nach bhféadfadh coláistí Gaeilge feidhmiú den dara bhliain as a chéile mar gheall ar COVID-19. Rinneadh an cinneadh sin ar bhonn comhdhearcaidh, tar éis dom mar Aire Stáit dul i ndáil comhairle le páirtithe leasmhara - idir lucht lóistín, lucht stiúrtha na gcoláistí agus lucht stiúrtha hallaí pobail ábhartha na Gaeltachta araon. 

De thoradh an chiste a d'fhógair mé le gairid, beidh a fhios ag an Teachta go mbeidh cúnamh atá 25% níos fearr ná ciste cobhsaithe 2020 á chur ar fáil láithreach ar leas an tuairim is 700 teaghlach Gaeltachta atá aitheanta faoin gcóras. Tá próiseáil iarratas ó cheann ceann na Gaeltachta idir lámha cheana féin ag mo Roinn.

Ina theannta sin tá obair idir lámha, i gcomhar le páirtithe leasmhara, chun aghaidh a thabhairt ar na chéad chéimeanna eile i dtreo bealach cuí a aimsiú faoina bhféadfaí cabhrú  oiread is féidir le lucht stiúrtha na gcoláistí samhraidh agus le hallaí pobail na Gaeltachta atá thíos leis mar gheall ar chúrsaí a bheith ar ceal den dara samhradh as a chéile.  Caithfear a chur san aireamh, áfach, go bhfuil ioncam ag roinnt mhaith de na coláistí i mbliana nach raibh acu anuraidh, go háirithe ó chúrsaí ar líne a reáchtáleadh d'ábhair oidí nach raibh in ann freastal ar an nGaeltacht ach ó scéimeanna eile Stáit a bunaíodh chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí a bhí buailte de bharr na paindéime.

Is cur chuige níos leithne ná cur chuige 2020 atá idir lámha i mbliana sa mhéid is go gcuimseofar cás hallaí pobail ábhartha na Gaeltachta a bhfuil baint acu leis an earnáil.

Níor mhiste dom a rá chomh maith céanna, i gcomhthéacs an chúraim atá ar mo Roinn chun tacú leis an earnáil fad ár gcumais, gur ullmhaíodh agus scaipeadh dréacht-treoirlínte sainiúla don earnáil san earrach. Rinneadh é sin mar bheart breise tacaíochta don earnáil  agus é mar aidhm ag an Roinn éascaíocht a dhéanamh ar an ullmhúchán go mba ghá do choláistí agus tithe lóistín a dhéanamh i gcás go bhféadfadh cúrsaí 2021 dul ar aghaidh faoi réir srianta sláinte foriomlána an Rialtais maidir le COVID-19. Cuireadh na dréacht-treoirlínte sin i dtoll a chéile le hionchur cuí comhairleoirlí sláinte a earcóidh go sonrach don chúram.

Maidir le cás na gcoláistí agus hallaí pobail,  táim muiníneach gur féidir teacht ar chur chuige san achar ama atá romhainn a chuirfidh leis an méid atá fógartha agam agus a thacóidh  le teacht aniar rathúil don earnáil an bhliain seo chugainn ar aghaidh.

 

Top
Share