Skip to main content
Normal View

Na hOileáin amach ón gCósta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 July 2021

Tuesday, 27 July 2021

Questions (3450)

Éamon Ó Cuív

Question:

3450. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail an bhfuil aon phlé déanta ag a Roinn le ESB Networks agus le NBI agus le hUisce Éireann maidir le cabla nua leictreachais, cábla snaithín optic agus píopa uisce a cheangal idir an mór thír agus na hoileáin Árann amach ó chósta na Gaillimhe le go mbeadh deis ag na hoileánaigh fuinneamh inathnuaite a ghinniúnt agus a dhíol isteach go hÉirinn, seribhís leathan bhanda snáithín optic a bheith acu agus soláthar uisce buan d’ard-chaighdeán a bheith acu; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40744/21]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, tá mo Roinn i mbun oibre ar Pholasaí Oileánda nua a fhorbairt. Mar chuid dó seo, tá cruinnithe déthaobhach ar siúl le Ranna Stáit eile chun plé a dhéanamh ar thorthaí an chomhairliúchán phoiblí agus na bealaigh gur féidir leo ionchur a bheith acu sa pholasaí.

Mar chuid don idirphlé seo, bhí na nithe atá ardaithe ag an Teachta faoi chaibidil ag na cruinnithe leis na Ranna ábhartha agus tá i gceist cruinnithe a thionól leis na páirtí leasmhara a bhfuil na seirbhísí seo faoina gcúram sa bhfómhar.

Top
Share