Leithdháiltear maoiniú caipitil um fhorbairt táirgí turasóireachta ar Fáilte Ireland. Deirtear liom nach soláthraíonn Fáilte Ireland maoiniú faoi láthair d’oibreacha athchóirithe nó feabhsúcháin ar chéanna nó ar shleamhnáin chun cabhrú le forbairt turasóireacht uisce. Tuigim, áfach, gur fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Pacáiste Infheistíochta Caipitil €38.3m le déanaí d’fhorbairt leanúnach líonra chuanta na hÉireann atá faoi úinéireacht phoiblí lena n-áirítear 79 Cuan Údaráis Áitiúil i 12 Údarás Áitiúil cois farraige.
Maidir le hábhar gaolmhar, beidh an Teachta sásta tabhairt faoi deara gur bhronn Fáilte Ireland €19 milliún ar údaráis áitiúla chun áiseanna gníomhaíochta den chéad scoth a fhorbairt i 22 ionad cois uisce ar fud na tíre ina bhfuil gníomhaíochtaí uisce a mheallann go leor turasóirí ar fáil. Toisc gur ceist oibríochta dóibh forbairt agus riarachán aon scéimeanna, chuir mé an cheist seo faoi bhráid Fáilte Ireland chun freagra díreach a thabhairt don Teachta. Cuir in iúl do m’oifig phríobháideach le do thoil mura bhfaigheann tú freagra laistigh de dheich lá oibre.