Skip to main content
Normal View

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 November 2021

Tuesday, 23 November 2021

Questions (111)

Marc Ó Cathasaigh

Question:

111. D'fhiafraigh Deputy Marc Ó Cathasaigh den Aire Oideachais an dtabharfaidh sí tuarascáil maidir le dul chun cinn an chomhairliúcháin ar athchóiriú Churaclam Gaeilge na hArdteistiméireachta; an bhfuil imní phobal na Gaeilge ina leith sin cloiste aici; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [57230/21]

View answer

Written answers

Is é an 30 Samhain 2021 an spriocdháta don chomhairliúchán ar dhréachtshonraíochtaí T1 agus T2 do Ghaeilge na hArdteistiméireachta (bhunaithe) a sheol an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) i mí Feabhra. Táim ar an eolas faoi na hábhair imní atá curtha in iúl ag pobal na Gaeilge i dtaobh na ndréachtsonraiochtaí curaclaim a foilsíodh le haghaidh comhairliúcháin. Rinne an CNCM dlúthchomhairliúchán le geallsealbhóirí agus mar fhreagairt ar a n-iarratais chuir an CNCM síneadh ama leis an bpróiseas comharliúcháin ó dheireadh mhí Lúnasa ar mhaithe le cur le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí sa phróiseas. Chuir an síneadh ama seo ar chumas an CNCM tosú ar athbhreithniú ar luath chur i bhfeidhm na sonraíochtaí T1 agus T2 do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí freisin, ábhar eile a bhí ag cruthú imní i measc geallsealbhóirí.

Déanfaidh an CNCM mionanailís ar an aiseolas ar fad a bheidh bailithe mar thoradh ar an bpróiseas nuair a dhúnfaidh an comhairliúchán ar na dréachtsonraíochtaí do Ghaeilge na Ardteistiméireachta. Táthar ag súil go mbeidh dréacht-tuarasacáil eatramhach ar an gcomhairliúchán ar fáil go luath in 2022. Tá an tuarascáil ar luath chur i bhfeidhm na sonraíochtaí do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí le cur faoi bhráid Chomhairle CNCM go luath in 2022 freisin. Táim ag súil le tátail na bpróisis seo in am trátha.

Tá am fós ag gach duine ar spéis leo an soláthar curaclaim do Ghaeilge na hArdteistiméireachta chun aighneacht i scríbhinn a sheoladh chuig an CNCM mar chuid den phróiseas comhairliúcháin sula ndúnfaidh sé ag deireadh na míosa seo.

To ask the Minister for Education whether she will report on the progress of the consultation on the reform of the Leaving Certificate Irish Curriculum; has she heard the concerns of the Irish language community in this regard; and whether she will make a statement on it

EV:

The consultation on draft L1 and L2 specifications for Leaving Certificate (established) Irish launched by the National Council for Curriculum and Assessment (NCCA) in February is due to close on 30 November 2021. I am aware of concerns raised by the Irish language community about the draft curricular specifications published for consultation. The NCCA engaged closely with stakeholders and in response to their requests, the NCCA extended the timeframe for the consultation from the end of August in order to facilitate greater stakeholder engagement in the process. This extension of the closing date has also allowed the NCCA to commence an early enactment review of the Junior Cycle Irish L1 and L2 specifications, a matter that was also of concern to stakeholders.

Once the consultation on the draft specifications for Leaving Certificate Irish closes, the NCCA will conduct a detailed analysis of all feedback and it is hoped that an interim consultation report will be presented to NCCA Council in early 2022. A report on the early enactment review of Irish at Junior Cycle is also due to be presented to NCCA Council in early 2022. I look forward to the outcomes of these processes in due course.

There is still time for all those interested in curricular provision for Irish in the Leaving Certificate to make a written submission to the NCCA as part of the consultation process before it closes at the end of this month.

Top
Share