Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Oileán

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 19 January 2022

Wednesday, 19 January 2022

Questions (1994)

Éamon Ó Cuív

Question:

1994. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil sé i gceist aige go dtabharfar pasanna d’oileánaigh as na hOileáin Árann le go gceadófar dóibh páirceáil saor in aisce sa gcarr clóis poiblí atá gar don ché farantóireachta i Ros a’Mhíl, ós rud é go bhfuil na socruithe atá i bhfeidhm faoi láthair mífheiliúnach, mar a míníodh dó nuair a thug sé cuairt ar Ros a’Mhíl i mí Dheireadh Fómhair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2029/22]

View answer

Written answers

I láthair na huaire, tá cónaitheoirí Oileáin Árann, trí ionadaithe Chomharchumann Forbartha Árann Teo., Comhar Caomhán Teo., Coiste Páirceála Carranna Inis Oírr agus Inis Meáin, ceadúnaithe chun páirceáil in Ionad Chalafort Iascaigh Ros an Mhíl.  Cosnaíonn an ceadúnas seo €10 sa bhliain agus tá áiseanna páirceála á gcur ar fáil le haghaidh breis is 160 feithicil.  D’iarr mé ar mo Roinn labhairt leis an gceadúnaí maidir leis na háiseanna páirceála do charranna ag an gcalafort.

Top
Share