Skip to main content
Normal View

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 19 January 2022

Wednesday, 19 January 2022

Questions (428)

Éamon Ó Cuív

Question:

428. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén plé a bhí idir a Roinn agus Foras na Gaeilge maidir le teidlíochtaí pinsin a thabhairt d’iarfhostaithe Bhord na Leabhar Gaeilge; ar aistríodh a fheidhmeanna chuig Foras na Gaeilge in 2008, don tréimhse a bhí siad le Bord na Leabhar Gaeilge; cén uair a dhéanfar cinneadh faoin gceist seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1379/22]

View answer

Written answers

Tá athbhreithniú déanta ag mo Roinn ar an gcás maidir le iarfhostaithe Bhord na Leabhar Gaeilge agus a n-iarratas go n-aithneofaí a dtréimhse seirbhíse le Bord na Leabhar Gaeilge mar sheirbhís chun críche pinsin de chuid na seirbhíse phoiblí.  Tá mo Roinn i dteagmháil leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe faoi láthair maidir leis an gcás áirithe seo féachaint an féidir teacht ar réiteach ina leith.

Question No. 429 answered with Question No. 424.
Top
Share