Mar is eol don Teachta, luaitear sa Chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta, agus ar an bpróiseas roghnúcháin/toghacháin i ndáil le Bord an Údaráis
Faoin socrú reatha maidir le struchtúr Bhord an Údaráis agus faoi réir fhorálacha ábhartha Acht na Gaeltachta 2012, ainmníonn na hÚdaráis Áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu cúigear comhalta faoi seach chuig an mbord agus roghnaítear an seachtar comhalta eile tríd comórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.
Ar mhaithe le beart a dhéanamh de réir bhriathar an ghealltanais, tá comórtas á reáchtáil in athuair ag an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP) ar iarratas na Roinne i dtreo sainchomhairleoireacht a aimsiú le tabhairt faoin athbhreithniú ar an bpróiseas roghnúcháin/toghcháin i ndáil le Bord Údarás na Gaeltachta. Tá an 28 Eanáir mar spriocdháta chun tairiscintí a chur isteach don chomórtas seo agus táthar ag súil leis go gcuirfear tús leis an athbhreithniú go gairid ina dhiaidh sin.
Mar chuid den athbhreithniú, tá sé i gceist ag an Roinn an deis a thabhairt don phobal a dtuairimí agus a moltaí faoin ábhar a léiriú trí phróiseas comhairliúcháin phoiblí a sheolfar go luath.