Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 January 2022

Thursday, 20 January 2022

Questions (114)

Catherine Connolly

Question:

114. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an dtabharfaidh sí soiléiriú ar an gcoiste comhairleach atá beartaithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 arna leasú le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; cathain a bheidh an coiste i bhfeidhm; cé a bheidh ar an gcoiste; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2443/22]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, faoi réir fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 beidh coiste reachtúil, An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, á bhunú chun Plean Náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú.

Mar atá leagtha amach san Acht, déanfaidh mé, le hordú, lá a cheapadh, tráth nach déanaí ná 6

mhí tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a rith, chun bheith ina lá bunaithe an Choiste chun críocha an Achta. Tá comhaltas agus feidhmeanna an Choiste Chomhairligh leagtha amach sa Bhille ach beidh Cathaoirleach agus líon gnáthchomhaltaí nach lú ná 5 ná nach mó ná 10 ar an gcoiste. San áireamh sna gnáthchomhaltaí beidh ionadaí do mo Roinn-se, ionadaí don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ionadaí don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, 6 chomhalta eile ar a mhéid a bheidh ainmnithe ag comhlachtaí poiblí, ionadaí do Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta agus ionadaí do limistéir den Stát nach Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta é.

Tá tús curtha ag oifigigh mo Roinne leis an obair le feidhm a thabhairt d’fhorálacha an Achta leasaithe sa tréimhse romhainn.

Top
Share