Skip to main content
Normal View

Pleanáil Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 January 2022

Thursday, 20 January 2022

Questions (136)

Catherine Connolly

Question:

136. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Pharlaiminte Uimhir 114 ar an 11ú Samhain 2021, an dtabharfaidh sí soiléiriú ar stádas phlean teanga Oileáin Árann agus stádas phlean teanga na Gaeltachta Láir; cén fhad atá na pleananna sin os comhair na Roinne; cén dáta a mbeidh an dá phlean faofa; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2441/22]

View answer

Written answers

Maidir le plean teanga An Ghaeltacht Láir, bhí áthas orm a fhógairt ar 18 Samhain 2021 go bhfuil plean teanga an cheantair ceadaithe faoin bpróiseas.  Fágann sé seo go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag cur na socruithe i bhfeidhm i gcomhar leis an gceanneagraíocht áitiúil i dtreo Oifigeach Pleanála Teanga a bheith earcaithe go haitiúil le tús a chur le feidhmiú an phlean le cabhair leanúnach mo Roinne agus an Údaráis araon - ar nós gach limistéir pleanála teanga eile a bhfuil plean ceadaithe ina leith faoin bpróiseas.

Maidir le plean teanga na n-Oileáin Árann, mar a luaigh mé sa fhreagra a thug mé ar Cheist Dála uimhir 114 ar an 11ú Samhain 2021, bhí deis agam roimh an Nollaig casadh le hionadaithe ó na hOileáin Árann chun a bplean a phlé. Tá toradh an phlé sin agus an plean teanga féin á bhreithniú ag an Roinn i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta faoi láthair. Cé is móite den phlean seo, tá gach ceann eile den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta i mbun fheidhmiú a gcuid pleananna nó ar tí é sin a thosú.

Maidir leis an bpróiseas pleanála teanga mar a bhaineann sé leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge, go data, tá pleananna teanga curtha faoi bhráid mo Roinne agus ceadaithe i leith ceithre Bhaile Seirbhíse Gaeltachta  den sé cinn déag uile atá aitheanta mar ábhar Bhailte Seirbhíse, agus tá trí Líonra Gaeilge aitheanta go nuige seo faoin bpróiseas. Tá 21 Oifigeach Pleanála Teanga agus 3 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe faoin bpróiseas go dtí seo.

Top
Share