Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 January 2022

Thursday, 20 January 2022

Questions (150)

Marc Ó Cathasaigh

Question:

150. D'fhiafraigh Deputy Marc Ó Cathasaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán céard iad na céimeanna a ghlacfar chun a chinntiú go ndéanfar Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 a chur i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2678/22]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, tá Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 sínithe ag Uachtarán na hÉireann, ón 22 Nollaig 2021.

Foráiltear sa reachtaíocht seo d’athchóiriú ó bhun a dhéanamh ar an mbealach a dhéanann muid pleanáil le haghaidh seirbhísí poiblí d’ardchaighdeán i nGaeilge a chur ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge. Is togra fad-théarmach é seo a bhfuil sé mar chuid lárnach dó taighde cuimsitheach a dhéanamh agus Plean Náisiúnta a fhorbairt chun seirbhísí poiblí d’ardchaighdeán trí Ghaeilge a chur ar fáil. Bunófar Coiste Comhairleach reachtúil chuige sin agus déanfar tuairisciú chuig an Rialtas maidir leis an dul chun cinn ar bhonn bhliantúil. Leagtar síos spriocanna san Acht a thabharfaidh dúshláin dúinn uile sa Rialtas, ach go háirithe an sprioc go mbeidh 20 faoin gcéad d’earcaithe nua don státchóras inniúil sa Ghaeilge roimh dheireadh 2030. Tar éis foilsiú an Phlean Náisiúnta, beimid ag leagan síos sprioc ama faoina mbeidh gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht á chur ar fáil trí Ghaeilge – rud atá á éileamh ag pobail Ghaeltachta le blianta fada anuas.

Tá éirithe liom acmhainní breise a fháil o mo Roinn fhéin i mBuiséad 2022 ar mhaithe le dlús a chur le feidhmiú na reachtaíochta nua.  Anuas air sin, tá acmhainní breise curtha ar fail agam d'Oifig an Choimisinéara Teanga i mbliana chun córais monatóireachta na hoifige sin a threisiú.

Beidh mé ag dul i mbun oibre le teann dúthrachta le hoifigigh mo Roinne anois le feidhm a thabhairt d’fhorálacha an Achta leasaithe sa tréimhse romhainn agus muid sa bhliain úr.  Chuige sin, tá oifigigh mo Roinne ag cur plean oibre i dtoll a chéile faoi láthair ina leagfar amach na céimeanna éagsúla a bheidh le tógáil sna míonna amach romhainn.

Top
Share