Mar is eol don Teachta, luaitear sa Chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta, agus ar an bpróiseas roghnúcháin/toghacháin i ndáil le Bord an Údaráis
Maidir le hathbhreithniú ar an bpróiseas roghnúcháin/toghacháin atá i bhfeidhm maidir le Bord Údarás na Gaeltachta, rinne an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP) comórtas a reáchtáil - ar iarratas mo Roinne, den dara uair le gairid i dtreo sainchomhairleoireacht a aimsiú le tabhairt faoin athbhreithniú agus moltaí ina leith a chur faoi bhráid na Roinne.
Ós rud é, áfach, nach bhfuarthas aon tairiscint de thoradh an dara chomórtais seo, tá na chéad chéimeanna eile á mbreithniú ag an Roinn faoi láthair i gcomhar leis an OGP i dtreo sainchomhairleoireacht cáilithe go cuí a aimsiú don chúram.
Mar chuid den athbhreithniú, tá sé i gceist ag an Roinn próiseas comhairliúcháin phoiblí a eagrú faoina dtabharfar an deis don phobal tuairimí agus moltaí faoin ábhar a roinnt i scríbhinn leis an Roinn. Seolfar an próiseas sin gan mhoill.
Is de thordh é seo uile a ndéanfar an scéal a bhreithniú maidir le struchtúr an bhoird.
Faoin socrú atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le struchtúr Bhord an Údaráis agus faoi réir fhorálacha ábhartha Acht na Gaeltachta 2012, ainmníonn na hÚdaráis Áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu cúigear comhalta faoi seach chuig an mbord agus roghnaítear an seachtar comhalta eile tríd comórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.