Skip to main content
Normal View

Íocaíochtaí Deontas

Dáil Éireann Debate, Thursday - 17 February 2022

Thursday, 17 February 2022

Questions (210)

Pearse Doherty

Question:

210. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil sé ar intinn aici deontas atosaithe a thabhairt isteach, cosúil leis an deontas a tugadh isteach do ghnólachtaí eile, do Mhná Tí mar gheall ar na costais bhreise a bheas orthu agus iad ag atosú in 2022. [8973/22]

View answer

Written answers

Is ar an mbunús agus ar an tnúthán go mbeidh na coláistí Gaeilge athoscailte in mbliana atá an Roinn ag feidhmiú agus, dá réir, gur tríd an gcúnamh leanúnach a chuirtear ar fáil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a bheidh an Roinn ag teacht i gcabhair ar an earnáil go príomha mar a bhaineann sé le cúrsaí maoinithe in mbliana.

Mar is eol don Teachta, tá Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) á riar ag mo Roinn ar mhaithe le tacú le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga  a chur ar fáil sa Ghaeltacht do lucht freastail iar-bhunscoileanna agus triú leibhéal na tíre. Tagann an scéim le cuspóirí foriomlána an Rialtais i leith na Gaeilge mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030.

Beidh a fhios ag an Teachta gur bhunaigh mo Roinn trí chiste faoi leith anuraidh ar leas na hearnála arbh fhiú €4m in iomlán iad.  Bhain ceann acu - ar luach €2.2m - le lucht lóistín an chórais. Níl aon amhras orm ach gur chabhraigh sé seo uile leis an earnáil teacht tríd na dúshláin arbh éigean dúinn uile mar phobal a iompar le beagnach dhá bhliain anuas de bharr na paindéime. 

Mar bheart breise le cabhrú tuilleadh leis an earnáil cuireadh in iúl do choláistí i bhfómhar 2021 go mbeifear sásta mar eisceacht, gearrchúrsaí seachtaine a aithint faoin scéim i gcás go mbeadh coláistí ag iarraidh a leithéid a eagrú chun freastal a dhéanamh orthu siúd a chaill amach ar an deis cúrsaí trí seachtaine a dhéanamh de dheasca COVID-19.

Ní gá a rá go leanfaidh mo Roinn ag coinneáil an scéal ar fad faoi bhreithniú i gcomhar le páirtithe leasmhara - ag súil leis i rith an ama go mbeidh athoscailt iomlán i ndán don chóras sa tréimhse atá amach romhainn.

Top
Share