Mar a mhínigh mé don Teachta i mo fhreagra ar Cheist 71 ar 20 Eanáir, tá mo Roinn ag obair i dtreo grúpa oibre a bhunú faoi chathaoirleacht mo Roinne a bheidh ag obair ar leas tuismitheoirí Gaeltachta atá ag tógáil a gclann trí Ghaeilge nó ar mhian leo sin a dhéanamh. Is i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an phróisis pleanála teanga a dhéanfar é sin.
Mar is eol don Teachta, cuireann mo Roinn raon tacaíochtaí faoi chláir éagsúla ar fáil do thuismitheoirí agus teaghlaigh Gaeltachta chun cuidiú leo a gclann a thógáil trí Ghaeilge. Is fiú a lua go sonrach gur cheadaigh mo Roinn maoiniú substaintiúil de €1.6m don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta anuraidh chun cur ar a gcumas clár trí bliana ar leas teaghlaigh Gaeltachta a chur chun feidhme.
Le bunú an ghrúpa nua a bhfuil tagairt déanta ag an Teachta dó, tabharfar páirtithe leasmhara le chéile lena n-áirítear ionadaíocht ó na hOifigigh Pleanála Teanga, Údarás na Gaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus eagraíochtaí eile de réir mar is cuí.
Beidh sé mar phríomh-chuspóir ag an gcur chuige seo trí chéile tacú tuilleadh le feidhmiú an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga teaghlaigh agus comhoibriú agus comhpháirtíocht a chothú i measc na bpáirtithe éagsúla atá ag feidhmiú ar an talamh faoi scáth an phróisis le cúnamh airgeadais mo Roinne.
Tá mo Roinn, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, ag dréachtú téarmaí tagartha don ghrúpa oibre i láthair na huaire . Táthar ag súil an chéad chruinniú den ghrúpa a thionól roimh dheireadh Márta.