Aengus Ó Snodaigh
Question:59. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta an bhfuil sé ar an eolas faoin togra atá molta i mBéal Feirste chun foras breisoideachais agus ardoideachais lán-Ghaelach a bhunú i bhfoirgneamh Montague, atá anois faoi rialú Chultúrlann McAdam Ó Fiaich; an bhfuil sé i gceist aige obair i dtreo foras nó forais oideachais lán-Ghaelach mar é a bhunú ó dheas, chun deis a thabhairt do na mílte daltaí a fhreastalaíonn ar oideachas dara leibhéal trí mheán na Gaeilge leanúint ar aghaidh i dtimpeallacht lán-Ghaelach tar éis na hArdteistiméireachta agus staidéar a dhéanamh ar réimse leathan ábhar, lena n-áirítear ceirdeanna; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12488/22]
View answer