Skip to main content
Normal View

Pleanáil Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 23 March 2022

Wednesday, 23 March 2022

Questions (57)

Catherine Connolly

Question:

57. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén dul chun cinn atá déanta maidir le plean teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach atá faofa ag an Aire le tamall fada; agus go háirithe, an ndeimhneoidh sí go bhfuil Oifigeach Pleanála Teanga ceaptha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15507/22]

View answer

Written answers

Rinne mé plean teanga an Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta: Bearna agus Cnoc na Cathrach a fhaomhadh faoin bpróiseas pleanála teanga i mí Bealtaine 2021.

Tuigtear don Roinn nach bhfuil Oifigeach Pleanála Teanga fostaithe sa cheantar go fóill áfach ach go bhfuil céimeanna idir lámha ag Údarás na Gaeltachta chun dlús a chur le rudaí gan tuilleadh moille i dtreo tús a bheith curtha le feidhmiú an phlean. Cuimseofar sa chur chuige seo earcú Oifigeach Pleanála Teanga.

Mar a bhaineann sé leis na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta go ginearálta, tá pleananna teanga i leith 25 den 26 limistéar ceadaithe faoin bpróiseas go dtí seo agus tá súil agam go mbeidh siad uile ceadaithe go gairid.

Top
Share